Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 123 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Bealtaine 2019)

Označení:
32019R0712R(01)
Stav:
effective
Jazyk textu:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 123 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Bealtaine 2019 )

Ar leathanach 4, aithris 3:in ionad: I gcomhthéacs comhar méadaithe idir gníomhaithe aeriompair ar leibhéal domhanda, tá an iomaíocht chóir fíorriachtanach mar phrionsabal ginearálta maidir le seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a oibriú. Tugtar aitheantas don phrionsabal sin go háirithe sa Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago) ina n-aithnítear sa réamhrá a ghabhann leis go gcaithfidh seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar bhonn an chomhionannais deiseanna. In Airteagal 44 de Choinbhinsiún Chicago luaitear freisin go bhfuil sé d'aidhm ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú chun a áirithiú go bhfuil deis chothrom ag gach Stát conarthach aerlínte idirnáisiúnta a oibriú agus chun idirdhealú a sheachaint idir stáit chonarthacha, léitear: I gcomhthéacs iomaíocht mhéadaithe idir gníomhaithe aeriompair ar leibhéal domhanda, tá an iomaíocht chóir fíor-riachtanach mar phrionsabal ginearálta maidir le seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a oibriú. Tugtar aitheantas don phrionsabal sin go háirithe i gCoinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta an 7 Nollaig 1944 (Coinbhinsiún Chicago) ina n-aithnítear sa réamhrá a ghabhann leis go gcaithfidh seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar bhonn an chomhionannais deiseanna. In Airteagal 44 de Choinbhinsiún Chicago luaitear freisin go bhfuil sé d'aidhm ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú chun a áirithiú go bhfuil deis chothrom ag gach Stát conarthach aerlínte idirnáisiúnta a oibriú agus chun idirdhealú a sheachaint idir stáit chonarthacha..

Ar leathanach 4, aithris 5:in ionad: In ainneoin iarrachtaí leanúnacha an Aontais agus roinnt tríú tíortha agus an Aontais, áfach, ní dhearnadh prionsabail na hiomaíochta córa a shainiú fós le rialacha iltaobhacha sonracha, go háirithe, faoi chuimsiú chomhaontuithe an ICAO nó na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO), amhail an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), agus an Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Aeriompair, comhaontuithe nach gcumhdaíonn a raon feidhme na seirbhísí aeriompair den chuid is mó., léitear: In ainneoin iarrachtaí leanúnacha an Aontais agus roinnt tríú tíortha, áfach, ní dhearnadh prionsabail na hiomaíochta córa a shainiú fós le rialacha iltaobhacha sonracha, go háirithe, faoi chuimsiú chomhaontuithe an ICAO nó na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO), amhail an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), agus an Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Aeriompair, comhaontuithe nach gcumhdaíonn a raon feidhme na seirbhísí aeriompair den chuid is mó..

Ar leathanach 5, aithris 8:in ionad: Féadfar iomaíocht chóir idir aeriompróirí a áirithiú chomh maith trí reachtaíocht iomchuí de chuid an Aontais amhail Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (3 ) ón gComhairle agus Treoir 96/97/CE ón gComhairleTreoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh seirbhísí ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36 )., . …, léitear: Féadfar iomaíocht chóir idir aeriompróirí a áirithiú chomh maith trí reachtaíocht iomchuí de chuid an Aontais amhail Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (3 ) ón gComhairle agus Treoir 96/97/CE ón gComhairleTreoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36 ).. . ….

Ar leathanach 5, aithris 9:in ionad: Bíonn iomaíocht earnáil eitlíochta an Aontais ag brath ar iomaíocht an uile chuid de shlabhra breisluacha earnáil na heitlíochta agus ní féidir í a chothabháil ach amháin trí thacar comhlántach beartas. Ba cheart don Aontas dul i mbun idirphlé inchiallaithe le trí tíortha chun teacht ar bhonn don iomaíocht chóir. I dtaca leis sin, tá gá fós le reachtaíocht atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun dálaí fabhracha a chaomhnú a thacóidh le hardleibhéal nascachta don Aontas agus chun iomaíocht chóir le haeriompróirí tríú tíortha a áirithiú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh agus bearta a ghlacadh i gcás inar gá sin. Ba cheart na bearta sin a bheith ar fáil i gcás inar cúis díobhála d'aeriompróirí an Aontais cleachtais a shaobhann an iomaíocht., léitear: Bíonn iomaíocht earnáil eitlíochta an Aontais ag brath ar iomaíocht an uile chuid de shlabhra breisluacha earnáil na heitlíochta agus ní féidir í a chothabháil ach amháin trí thacar comhlántach beartas. Ba cheart don Aontas dul i mbun idirphlé inchiallaithe le tríú tíortha chun teacht ar bhonn don iomaíocht chóir. I dtaca leis sin, tá gá fós le reachtaíocht atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun dálaí fabhracha a chaomhnú a thacóidh le hardleibhéal nascachta don Aontas agus chun iomaíocht chóir le haeriompróirí tríú tíortha a áirithiú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh agus bearta a ghlacadh i gcás inar gá sin. Ba cheart na bearta sin a bheith ar fáil i gcás inar cúis díobhála d'aeriompróirí an Aontais cleachtais a shaobhann an iomaíocht..

Ar leathanach 5, aithris 11:in ionad: … Agus leas an Aontais á mheasúnú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar staid na mBallstát a bhraitheann go heisiach nó go sonrach ar an aeriompar i gcomhair nascacht leis an domhain agus ar chomhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú. Chomh maith leis sin, ba cheart imeachtaí a chur i gcrích gan bhearta i gcás nach bhfuil na bearta sin riachtanach, nó nach bhfuil siad riachtanach a thuilleadh., léitear: … Agus leas an Aontais á mheasúnú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar staid na mBallstát a bhraitheann go heisiach nó go sonrach ar an aeriompar i gcomhair nascacht leis an gcuid eile den domhan agus ar chomhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú. Chomh maith leis sin, ba cheart imeachtaí a chur i gcrích gan bhearta i gcás nach gcomhlíóntar na ceanglais do na bearta sin, nó nach gcomhlíontar iad a thuilleadh..

Ar leathanach 7, aithris 28:in ionad: I gcomhréir leis an bprionsabal comhréireachta céanna, níor cheart go leanfadh bearta sásaimh i dtaca le cleachtais a shaobhann an iomaíocht de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais sin agus na díobhála a bhíonn ann dá bharr. Ar an ábhar sin, ba cheart foráil a dhéanamh d'athbhreithniú i gcás ina bhfuil bonn údair lena leithéid mar gheall ar na cúinsí., léitear: I gcomhréir leis an bprionsabal comhréireachta céanna, níor cheart go leanfadh bearta sásaimh i dtaca le cleachtais a shaobhann an iomaíocht de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais sin agus na díobhála a bhíonn ann dá bharr. Ar an ábhar sin, ba cheart foráil a dhéanamh d'athbhreithniú i gcás ina bhfuil gá lena leithéid mar gheall ar na cúinsí..

Ar leathanach 11, Airteagal (6)(1), an dara mír:in ionad: Féadfaidh an Coimisiún filleadh ar an imscrúdú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:, léitear: Féadfaidh an Coimisiún tús a chur leis an imscrúdú an athuair in aon cheann de na cásanna seo a leanas:.

Ar leathanach 11, Airteagal 6(1) an dara mír, (a):in ionad: más toradh ar an nós imeachta faoi chuimsiú an chomhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí is infheidhme nó aon chomhaontaithe eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair go ndearna an páirtí eile nó páirtithe eile sárú ar an gcomhaontú atá críochnaitheach agus ina cheangal ar na páirtithe eile sin, ach nár glacadh aon ghníomh ceartaitheach go pras, nó laistigh den tréimhse dá bhforáiltear faoina nósanna imeachta ábhartha;, léitear: más toradh ar an nós imeachta faoi chuimsiú an chomhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí is infheidhme nó aon chomhaontaithe eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair cinneadh go ndearna an páirtí eile nó páirtithe eile sárú ar an gcomhaontú atá críochnaitheach agus ina cheangal ar na páirtithe eile sin, ach nár glacadh aon ghníomh ceartaitheach go pras, nó laistigh den tréimhse dá bhforáiltear faoina nósanna imeachta ábhartha;.

Ar leathanach 12, Airteagal (6)(3), an chéad líne:in ionad: Féadfaidh an Coimisiún filleadh ar an imscrúdú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:, léitear: Féadfaidh an Coimisiún tús a chur leis an imscrúdú an athuair in aon cheann de na cásanna seo a leanas:.

Ar leathanach 12, Airteagal 6(3)(c):in ionad: má iarrann na Ballstáit uile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 2(4) ar an gCoimisiún filleadh ar an imscrúdú;, léitear: má iarrann na Ballstáit uile lena mbaineann ar an gCoimisiún tús a chur an athuair leis an imscrúdú;.

Ar leathanach 12, Airteagal 7(1):in ionad: Chomh maith leis sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi gach cruinniú ábhartha a shocraítear faoi chuimsiú an chomhaontaithe aeriompair nó aersheirbhísí nó faoi aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear in aon chomhaontú eile arna gcur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann, chun an tsaincheist a chumhdaítear leis an imscrúdú a phlé. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an clár oibre agus an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún lena chur ar a chumas na hábhair atá le plé ag na cruinnithe sin a thuiscint., léitear: Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi gach cruinniú ábhartha a shocraítear faoi chuimsiú an chomhaontaithe aeriompair nó aersheirbhísí nó faoi aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear in aon chomhaontú eile arna gcur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann, chun an tsaincheist a chumhdaítear leis an imscrúdú a phlé. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an clár oibre agus an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún lena chur ar a chumas na hábhair atá le plé ag na cruinnithe sin a thuiscint..

Ar leathanach 12, Airteagal 7(2):in ionad: Coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sheoladh aon nós imeachta le haghaidh aon nós imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáil i gcomhaontú aeriompair nó aersheirbhísí nó in aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích acu leis an tríú tír lena mbaineann agus i gcás inarb iomchuí, iarrfar ar an gCoimisiún freastal ar na nósanna imeachta sin. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann., léitear: Coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sheoladh aon nós imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáiltear i gcomhaontú aeriompair nó aersheirbhísí nó in aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích acu leis an tríú tír lena mbaineann agus i gcás inarb iomchuí, iarrfar ar an gCoimisiún freastal ar na nósanna imeachta sin. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann..

Ar leathanach 13, Airteagal 8(6):in ionad: Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais ná, go háirithe, ar nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéad gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, a chur san áireamh i nochtadh den sórt sin., léitear: Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais ná, go háirithe, ar nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéad gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó nó rialtais, a chur san áireamh i nochtadh den sórt sin..

Ar leathanach 13, Airteagal 10(2):in ionad: Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 1 gan dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún an cinneadh sin a bhunú ar thuilleadh fíoras nó argóintí nó ar mhalairt fíoras nó breithnithe, nochtfar na fíorais nó argóintí sin a luaithe is féidir., léitear: Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 1 gan dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún an cinneadh sin a bhunú ar a thuilleadh fíoras agus breithnithe nó ar mhalairt fíoras agus breithnithe, nochtfar na fíorais nó na breithnithe sin a luaithe is féidir..

Ar leathanach 14, Airteagal 11(3):in ionad: I gcás éigeandála, eadhon i gcás ina dtíolacann an gearánaí nó na páirtithe leasmhara fianaise shoiléir go bhféadfadh sé nach féidir an díobháil a rinneadh don aeriompróir nó do na haeriompróirí de chuid an Aontais a chur ar gcúl, is ceadmhach tréimhse na n-imeachtaí a ghiorrú go 9 mí., léitear: I gcás práinne, eadhon i gcás ina dtíolacann an gearánaí nó na páirtithe leasmhara fianaise shoiléir go bhféadfadh sé nach féidir an díobháil a rinneadh don aeriompróir nó do na haeriompróirí de chuid an Aontais a chur ar gcúl, is ceadmhach tréimhse na n-imeachtaí a ghiorrú go 9 mí..

Ar leathanach 14, Airteagal 12, teideal an Airteagail:in ionad: Díobháil a chinneadh nó bagairt díobhála,léitear: Díobháil nó bagairt díobhála a chinneadh.

Ar leathanach 15, Airteagal 13(2):in ionad: Foirceannfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, an t-imscrúdú a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 5 gan bearta sásaimh a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:, léitear: Déanfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 gan bearta sásaimh a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:.

Ar leathanach 15, Airteagal 14(2):in ionad: Gan dochar d'Airteagal 13, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta sásaimh má chinntear san imscrúdú arna dhéanamh de réir Airteagal 5 go bhfuil cleachtas a shaobhann iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, ina shiocair le bagairt díobhála, i gcomhréir le hAirteagail 12(2) agus (3), do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann. N thiocfaidh na bearta sásaimh sin i bhfeidhm nó go mbeidh an baol díobhála ina dhíobháil iarbhír., léitear: Gan dochar d'Airteagal 13, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta sásaimh má chinntear san imscrúdú arna dhéanamh de réir Airteagal 5 go bhfuil cleachtas a shaobhann iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, ina shiocair le bagairt díobhála, i gcomhréir le hAirteagail 12(2) agus (3), do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann. Ní thiocfaidh na bearta sásaimh sin i bhfeidhm sula mbeidh an baol díobhála ina dhíobháil iarbhír..

Ar leathanach 16, Airteagal 14(6):in ionad: Ní thiocfaidh de na bearta sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 go sáróidh an tAontas na Ballstáit lena mbaineann comhaontuithe aeriompair nó comhaontuithe aersheirbhísí nó aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear i gcomhaontú trádála nó aon chomhaontú eile arna chur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann., léitear: Ní thiocfaidh de na bearta sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 go sáróidh an tAontas nó na Ballstáit lena mbaineann comhaontuithe aeriompair nó comhaontuithe aersheirbhísí nó aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear i gcomhaontú trádála nó aon chomhaontú eile arna chur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann..

Ar leathanach 16, Airteagal 15(1):in ionad: Ní leanfaidh na bearta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 14 de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais leanúnaigh a shaobhann iomaíocht agus na díobhála atá ann dá dheasca. Chuige sin, beidh feidhm ag an nós imeachta athbhreithnithe a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa go rialta ar a éifeachtaí atá na bearta sásaimh agus an tionchar a bhíonn acu, léitear: Ní leanfaidh na bearta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 14 de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais leanúnaigh a shaobhann iomaíocht agus na díobhála atá ann dá dheasca. Chuige sin, beidh feidhm ag an nós imeachta athbhreithnithe a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go rialta ar a éifeachtaí atá na bearta sásaimh agus an tionchar a bhíonn acu.

Ar leathanach 16, Airteagal 15(2):in ionad: I gcás ina bhfuil údar leis de thoradh na gcúinsí, féadfaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá le leanúint de bhearta sásaimh a fhorchur ina bhfoirm thosaigh, bíodh sé ar thionscnamh an Choimisiúin nó an ghearánaigh nó ar iarraidh réasúnaithe ón mBallstát nó na Ballstáit, ón tríú tír nó ón eintiteas tríú tír lena mbaineann., léitear: I gcás ina bhfuil údar leis de thoradh na gcúinsí, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá le leanúint de bhearta sásaimh a fhorchur ina bhfoirm thosaigh, bíodh sé ar thionscnamh an Choimisiúin nó an ghearánaigh nó ar iarraidh réasúnaithe ó na Ballstáit, ón tríú tír nó ón eintiteas tríú tír lena mbaineann..

Ar leathanach 16, Airteagal 17(2):in ionad: Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún aon shaincheisteanna a bhaineann le chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú., léitear: Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú..