Rialacha maidir leis an gCosc ar Chaitheamh Tobac ar Áitribh Pharlaimint na hEorpa Cinneadh ón mBiúró an 23 Márta 2011 (Aguisín a ghabhann leis an bhfógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 102, an 2 Aibreán 2011, lch. 8)

Identifier:
32011D0402(01)R(02)
Status:
effective
Text language:
ga

Rialacha maidir leis an gCosc ar Chaitheamh Tobac ar Áitribh Pharlaimint na hEorpa Cinneadh ón mBiúró an 23 Márta 2011 (Aguisín a ghabhann leis an bhfógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 102, an 2 Aibreán 2011 , lch. 8)

TÁ AN BIÚRÓ,ag féachaint do Riail 23(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ag féachaint don tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chosc agus um Chosaint san Áit Oibre a tugadh an 11 Feabhra 2011 ; De bharr an méid seo a leanas:(1) i rúin uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2007 maidir leis an bPáipéar Uaine I dtreo Eoraip a bheith saor ó dheatach tobac: roghanna beartais ar leibhéal an AontaisP6_TA(2007) 0471. agus an 26 Samhain 2009 maidir le timpeallachtaíP7_TA(2009)0100. saor ó thobac iarrann Parlaimint na hEorpa ar an mBiúró, i bhfianaise an dualgais atá uirthi dea-shampla a thabhairt, cosc ar chaitheamh tobac a ghlacadh agus é infhorfheidhmithe go dian gan aon díolúine i ngach cuid de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht láithreach.(2) Ar bhonn Chinneadh 2004/513/CE ón gComhairle, tá Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac daingnithe ag an Aontas Eorpach ina bhfuil in Airteagal 8(1) de aitheantas ó na páirtithe conarthacha go bhfuil fianaise eolaíoch ann lena mbunaítear go bhfuil nochtadh do dheatach tobac ina chúis le bás, galar agus míchumas, agus lena leagtar amach an oibleagáid atá ar na páirtithe conarthacha, faoi Airteagal 8(2) de, bearta éifeachtacha reachtacha, feidhmiúcháin, riaracháin agus/nó bearta eile a ghlacadh, lena bhforáiltear do chosaint ó nochtadh do dheatach tobac in ionaid oibre laistigh.(3) Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle go mbeidh dualgas ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú i ngach uile ghné a bhaineann leis an obair.(4) Ós rud é gurb ann do chruthúnas eolaíoch gur baol tromchúiseach don tsláinte é caitheamh éighníomhach tobac, tá sé de dhualgas ar Pharlaimint na hEorpa a cuid Feisirí, a foireann agus úsáideoirí eile a háitreabh a chosaint ar rioscaí sláinte inchoiscthe agus ar mhothúcháin mhíthaitneamhacha a eascraíonn as caitheamh éighníomhach tobac.(5) Mar fhostóir, tá oibleagáid dhlíthiúil ar Pharlaimint na hEorpa a foireann a chosaint ar rioscaí sláinte san ionad oibre.(6) Mar institiúid, ní mór do Pharlaimint na hEorpa gach beart is gá a dhéanamh chun í féin a chosaint ar éilimh ionchasacha ar dhamáistí.(7) I bhfianaise na rioscaí sláinte a ghabhann le caitheamh éighníomhach agus gníomhach tobac, is inmhianaithe go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa faisnéis a sholáthar dá Feisirí, dá cúntóirí agus dá foireann d’fhonn feabhas a chur ar an tuiscint ar na rioscaí a bhaineann le caitheamh éighníomhach agus gníomhach tobac chomh maith le cláir a chur ar fáil lena dtacaítear leis na daoine sin ar mian leo éirí as caitheamh tobac.(8) Ar an gcúis sin, tacaíonn Parlaimint na hEorpa leis an gcuspóir timpeallacht saor ó thobac ina hiomláine a bhaint amach ina áitribh cé is moite de limistéir shainainmnithe laistigh dá foirgnimh, agus sna limistéir sin amháin.(9) Is gá forfheidhmiú éifeachtach an choisc ar chaitheamh tobac a áirithiú de bhun na Rialacha seo. Dá bhrí sin, déanfar an toirmeasc seo a chomhlánú le nósanna imeachta iomchuí trína bhféadfar a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go bhforchuirfear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus díspreagthacha,TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS: Airteagal 11.Tá cosc ar chaitheamh tobac laistigh de gach áitreabh de chuid Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear a hoifigí faisnéise sna Ballstáit agus san oifig idirchaidrimh in Washington, ach amháin sna limistéir shainainmnithe a liostaítear san Iarscríbhinn, agus sna limistéir sin amháin. Féadfaidh na Caestóirí cinneadh a dhéanamh maidir le haon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an Iarscríbhinn. 2.Tá cosc ar chaitheamh tobac freisin i gcarranna oifigiúla agus i ngach modh eile iompair arna sholáthar ag an Institiúid. Airteagal 21.Cuirfear na rialacha seo in iúl do na Feisirí, dá gcúntóirí agus dá bhfoireann. 2.Déanfar comharthaí soiléire maidir leis an gcosc ar chaitheamh tobac faoi Airteagal 1 a chur in airde ar na bealaí isteach agus ar fud limistéir phoiblí áitribh Pharlaimint na hEorpa, cé is moite de na limistéir shainainmnithe atá liostaithe san Iarscríbhinn. Léireofar go soiléir suíomh beacht na limistéar caite tobac ionas go mbeidh na Feisirí, a gcúntóirí agus a bhfoireann ar an eolas faoi na limistéir ina bhfuil an caitheamh tobac údaraithe. Ní chuirfear aon luaithreadáin ar fáil don phobal laistigh d’áitribh na Parlaiminte, ach amháin sna limistéir shainainmnithe agus sna limistéir atá gar do bhealaí isteach áitribh na Parlaiminte. 3.Cuirfidh ceannairí na ngrúpaí polaitiúla i gcuimhne d’Fheisirí agus d’fhoireann a ngrúpaí faoi seach gur gá géilleadh do na rialacha seo. Airteagal 3Déanfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra, i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach um Chosc agus um Chosaint san Áit Oibre, beartas a tharraingt suas maidir le cosc a chur ar na rioscaí a bhaineann le caitheamh gníomhach agus éighníomhach tobac trí bhíthin cur chun feidhme pacáiste comhtháite beart chun faisnéis a sholáthar do na Feisirí, do chúntóirí agus do bhaill foirne chun feabhas a chur ar an tuiscint ar na rioscaí a bhaineann le caitheamh gníomhach agus éighníomhach tobac agus cláir a thairiscint atá deartha chun cabhrú leo siúd atá ag iarraidh éirí as caitheamh tobac. Airteagal 4Aon duine nach gcomhlíonann na rialacha seo, iarrfar in situ orthu stad den chaitheamh tobac (meabhrúchán ó bhéal). Beidh an tArd-Rúnaí freagrach as comhlíonadh na rialach seo a áirithiú. Airteagal 51.Aon Fheisire a leanfaidh de bheith ag mainneachtain na rialacha seo a chomhlíonadh, fiú tar éis an meabhrúchán ó bhéal de bhun Airteagal 4 a fháil, beidh sé nó sí, faoi údarás na gCaestóirí agus an Uachtaráin, faoi réir an chórais smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 6. 2.Aon oifigeach, ball foirne nó cuntóir creidiúnaithe eile a leanfaidh de bheith ag mainneachtain na rialacha seo a chomhlíonadh, fiú tar éis an meabhrúchán ó bhéal de bhun Airteagal 4 a fháil, beidh sé nó sí, faoi údarás an Ard-Rúnaí, faoi réir an chórais smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 7. 3.Aon chúntóir áitiúil, cuairteoir nó duine eile a tháinig isteach in áitribh na Parlaiminte (e.g. pearsanra de chuid soláthraithe seirbhísí agus gnólachtaí seachtracha) a leanfaidh de bheith ag mainneachtain na rialacha seo a chomhlíonadh, fiú tar éis an meabhrúchán ó bhéal de bhun Airteagal 4 a fháil, beidh sé nó sí, faoi údarás an Ard-Rúnaí, faoi réir an chórais smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 8. Airteagal 61.Tuairisceoidh an tArd-Rúnaí do na Caestóirí ainm aon Fheisire a dhiúltaíonn na rialacha seo a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na Caestóirí cumarsáid fhoirmiúil (meabhrúchán scríofa — cárta buí) a chur chuig an bhFeisire ina gcuirfear in iúl dó nó di go mbeidh feidhm ag smachtbhannaí airgeadais i gcás athshárú na rialacha seo. 2.I gcás athshárú na rialacha seo ag Feisire, déanfaidh an tUachtarán, ar thogra arna thíolacadh ag na Caestóirí, cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear smachtbhannaí airgeadais ar an bhFeisire lena mbaineann (cárta dearg). Beidh méid an smachtbhanna comhionann le liúntas cothaithe lae amháin. Déanfar an méid sin a asbhaint go díreach ó liúntas ginearálta caiteachais an Fheisire. 3.Féadfaidh an Feisire atá faoi réir smachtbhanna gearán i scríbhinn a chur chuig an Uachtarán laistigh de 15 lá oibre tar éis an fhógra. Beidh éifeacht fionraíochta leis an achomharc sin. Tabharfaidh an Biúró fógra don ghearánach maidir lena chinneadh réasúnaithe laistigh de dhá mhí ón dáta ar taisceadh an gearán. Airteagal 71.I gcás athshárú na rialacha seo ag oifigeach, ball foirne eile nó cúntóir creidiúnaithe, déanfaidh an tArd-Rúnaí cumarsáid fhoirmiúil (meabhrúchán scríofa — cárta buí) a chur chuig an duine lena mbaineann ina gcuirfear in iúl dó nó di go mbeidh feidhm ag smachtbhannaí araíonachta. 2.I gcás ina leanfar de shárú na rialacha seo, beidh an t-oifigeach, an ball foirne eile nó an cúntóir creidiúnaithe lena mbaineann faoi réir imeachtaí araíonachta faoi na Rialacháin Foirne. 3.Féadfaidh aon duine atá faoi réir smachtbhanna faoin Airteagal seo achomharc a chur faoi bhráid an údaráis ceapacháin faoi Airteagal 90 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail a bhfuil feidhm iomlán leo. Airteagal 8I gcás athshárú na rialacha seo ag aon chúntóir áitiúil, cuairteoir nó duine eile a tháinig isteach in áitribh na Parlaiminte, déanfar an duine lena mbaineann a thionlacan in situ chun bealach amach an áitribh. Airteagal 9Gabhfaidh na rialacha seo ionad Chinneadh ón mBiúró an 13 Iúil 2004 lena leagtar síos na rialacha maidir le háitribh Pharlaimint na hEorpa. Tiocfaidh siad i bhfeidhm an lá tar éis lá a bhfoilsithe san Iris Oifigiúil. Airteagal 10Déanfar meastóireacht ar na rialacha seo 2 bhliain tar éis dóibh teacht i bhfeidhm.