Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 an 7 Meitheamh 2019)

Identifier:
32019R0876R(19)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 an 7 Meitheamh 2019 )

1. Ar leathanach 3, aithris (11), an dara líne:in ionad: Go háirithe, d'imreofaí tionchar míréireach ar an iasachtú poiblí a dhéantar ó bhainc forbartha poiblí agus le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaighdeann tacaíocht oifigiúil. ,léitear: Go háirithe, d'imreofaí tionchar míréireach ar an iasachtú poiblí a dhéantar ó bhainc forbartha poiblí agus le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil..

2. Ar leathanach 144, Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (101), pointe (b)(ii):in ionad: (k) risíochtaí i bhfoirm comhthaobhacht nó ráthaíocht d'iasachtaí cónaithe, arna cur ar fáil ag soláthróir cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:(i) céim cáilíochta creidmheasa 2;(ii) an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil rialtais láir in airgeadra eachtrach an Bhallstáit mar a bhfuil ceanncheathrú an tsoláthróra cosanta lonnaithe., léitear: (k) risíochtaí i bhfoirm comhthaobhacht nó ráthaíocht d'iasachtaí cónaithe, arna cur ar fáil ag soláthróir cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:(i) céim cáilíochta creidmheasa 2;(ii) an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil airgeadra eachtraigh rialtas láir an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú an tsoláthróra cosanta lonnaithe..

3. Ar leathanach 144, Airteagal 1, an chéad mhír, pointe (101), pointe (b)(iii):in ionad: (l) risíochtaí i bhfoirm ráthaíocht le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, arna gcur ar fáil ag gníomhaireacht um chreidmheas onnmhairiúcháin a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:(i) céim cáilíochta creidmheasa 2;(ii) an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil rialtais láir in airgeadra eachtrach an Bhallstáit mar a bhfuil ceanncheathrú an tsoláthróra cosanta lonnaithe., léitear: (l) risíochtaí i bhfoirm ráthaíocht le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil, arna gcur ar fáil ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:(i) céim cáilíochta creidmheasa 2;(ii) an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil airgeadra eachtraigh rialtas láir an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú na gníomhaireachta creidmheasa onnmhairiúcháin lonnaithe..

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 an 7 Meitheamh 2019) — LexHub