Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 468 an 30 Nollaig 2021) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 468, lch. 1)
- Identifier:
- 32021R2303R(01)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 468 an 30 Nollaig 2021 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 468, lch. 1)
1. Ar leathanach 4, aithris (18):in ionad: ...coincheap an tíre tionscnaimh sábháilte..., léitear: ...coincheap na tíre tionscnaimh sábháilte....
2. Ar leathanach 10, aithris (64):in ionad: ...a ghlacadh i gcruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta, ach gan cead vótála a bheith aige., léitear: ...a ghlacadh i gcruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta, ach gan ceart vótála a bheith aige..
3. Ar leathanach 12, Airteagal 2, mír 1, pointe (c):in ionad: ...tacú leis na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí a gcur i gcrích acu faoi chuimsiú CET..., léitear: ...tacú leis na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí á gcur i gcrích acu faoi chuimsiú CET....
4. Ar leathanach 14, Airteagal 6, mír 2:in ionad: Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a stóráil sna bunachair sonraí sin nó a fhoilsiú ar a tairseacha gréasáin sin, ..., léitear: Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a stóráil sna bunachair sonraí sin nó a fhoilsiú ar na tairseacha gréasáin sin, ....
5. Ar leathanach 14, Airteagal 6, mír 3, pointe (c):in ionad: ...faisnéis maidir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine., léitear: ...faisnéis maidir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine..
6. Ar leathanach 15, Airteagal 7, mír 4, pointe (d):in ionad: chun déileáil le brú díréireach ar a gcórais tearmainn agus ghlactha, léitear: chun déileáil le brú díréireach féideartha ar a gcórais tearmainn agus ghlactha.
7. Ar leathanach 16, Airteagal 8, mír 4, pointe (g):in ionad: saincheisteanna a bhaineann le sonraí méarlorg, lena n-áirítear gnéithe cosanta..., léitear: saincheisteanna a bhaineann le sonraí méarlorg, lena n-áirítear gnéithe sonraí cosanta....
8. Ar leathanach 17, Airteagal 9, mír 2, pointe (b):in ionad: ...de chuid aon chomhlachta eile a bhfuil sainordú aige..., léitear: ...de chuid aon chomhlacht eile a bhfuil sainordú aige....
9. Ar leathanach 18, Airteagal 12, mír 1:in ionad: coincheapa an tíre sábháilte, léitear: coincheapa na tíre sábháilte.
10. Ar leathanach 19, Airteagal 14, an teideal:in ionad: Faireachán ar an sásra do chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET..., léitear: Sásra faireacháin le haghaidh chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET....
11. Ar leathanach 27, Airteagal 22, mír 5:in ionad: ... agus ní dhéanfaidh siad an staid dá dtagraítear in Airteagal 19(3) nó (8) a agairt., léitear: ... agus ní dhéanfaidh siad an staid eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 19(3) nó (8) a agairt..
12. Ar leathanach 28, Airteagal 23, mír 2:in ionad: ... maidir le aon chaiteachas i ndáil le fáil nó tógáil ar léas den sórt sin., léitear: ... maidir le haon chaiteachas i ndáil le fáil nó tógáil ar léas den sórt sin..
13. Ar leathanach 28, Airteagal 24:in ionad: ... faoi mar a thagraítear dó dá dtagraítear in Airteagal 16 agus Airteagal 22., léitear: ... faoi mar a thagraítear dó in Airteagail 16 agus 22..
14. Ar leathanach 29, Airteagal 27:in ionad: Le linn imscaradh foirne tacaíochta tearmainn, caithfear leis na saineolaithe arna n-imscaradh ar an mbealach céanna le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit óstaigh..., léitear: Le linn imscaradh foirne tacaíochta tearmainn, caithfear leis na saineolaithe arna n-imscaradh ar an mbealach céanna le hoifigigh de chuid an Bhallstáit óstaigh....
15. Ar leathanach 29, Airteagal 28, mír 1, pointe (h):in ionad: ... agus costais ghaolmhara amhail ..., léitear: ... agus na costais ghaolmhara uile amhail ....
16. Ar leathanach 31, Airteagal 31, mír 2:in ionad: ...beidh sí teoranta do na sonraí pearsanta..., léitear: ...beidh sí teoranta go docht do na sonraí pearsanta….
17. Ar leathanach 31, Airteagal 31, mír 4:in ionad: ...a dhéanann sonraí pearsanta a sholáthair chuig an nGníomhaíocht..., léitear: ...a dhéanann sonraí pearsanta a sholáthair don Ghníomhaíocht....
18. Ar leathanach 32, Airteagal 32, mír 6:in ionad: ... de bhun mhír 1 den Airteagal seo sonraí teagmhála an údaráis maoirseachta ábhartha atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leis an Rialacháin sin agus as an gcomhlíonadh sin a fhorfheidhmiú..., léitear: ... de bhun mhír 1 den Airteagal seo sonraí teagmhála an údaráis maoirseachta ábhartha atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin sin agus as é a fhorfheidhmiú ....
19. Ar leathanach 33, Airteagal 35, mír 1:in ionad: ... lena n-áirítear nuair atá gníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar chríoch na tríú tíortha., léitear: ...lena n-áirítear nuair atá gníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar chríoch na dtríú tíortha..
20. Ar leathanach 34, Airteagal 37, mír 2:in ionad: ... agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i sa mhír sin., léitear: ... agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa mhír sin..
21. Ar leathanach 34, Airteagal 38:in ionad: ... a tugadh chun críche i gcomhar leis heagraíochtaí den sórt sin, ..., léitear: ... a tugadh chun críche i gcomhar le heagraíochtaí den sórt sin, ....
22. Ar leathanach 34, Airteagal 40, mír 1:in ionad: Beidh ceart vótála ag ceann duine de na hionadaithe sin., léitear: Beidh ceart vótála ag gach ceann de na hionadaithe sin..
23. Ar leathanach 36, Airteagal 41, mír 2:in ionad: Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí an údaráis ceapacháin sin a fho-tharmligean., léitear: Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cumhachtaí an údaráis ceapacháin sin a fho-tharmligean..
24. Ar leathanach 36, Airteagal 41, mír 3:in ionad: Chun críoch an Bord Feidhmiúcháin a bhunú, glacfaidh an Bord Bainistíochta síos a rialacha nós imeachta., léitear: Chun críocha an Bord Feidhmiúcháin a bhunú, glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta..
25. Ar leathanach 37, Airteagal 42, mír 1:in ionad: Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh gan mhoill an doiciméad clársceidealaithe chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún., léitear: Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh an doiciméad clársceidealaithe chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún..
26. Ar leathanach 37, Airteagal 43, mír 1:in ionad: Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu., léitear: Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a gcomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu..
27. Ar leathanach 38, Airteagal 46, mír 1:in ionad: Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chomhalta foirne agus ceapfar é mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (a), de na Coinníollacha Fostaíochta., léitear: Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chomhalta foirne agus earcófar é mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (a), de na Coinníollacha Fostaíochta..
28. Ar leathanach 39, Airteagal 46, mír 3:in ionad: Má dhéanann an Bord Bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a léirigh Parlaimint na hEorpa mar an iarrthóir ab fhearr léi, cuirfidh an Bord Bainistíochta an modh a cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh in iúl., léitear: Má dhéanann an Bord Bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a léirigh Parlaimint na hEorpa mar an t-iarrthóir ab fhearr léi cuirfidh an Bord Bainistíochta an modh inar cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh in iúl..
29. Ar leathanach 41, Airteagal 48, mír 2:in ionad: Is ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapfaidh an Bord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Déanfar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais, scileanna riaracháin agus bainistíochta iomchuí..., léitear: Is ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapfaidh an Bord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Déanfar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh de bhua fiúntais, scileanna riaracháin agus bainistíochta iomchuí....
30. Ar leathanach 41, Airteagal 50, mír 3:in ionad: Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, UNHCR agus chuig eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha eile dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ina gcomhaltaí den Fhóram Comhchomhairleach., léitear: Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, UNHCR agus d'eagraíochtaí agus do chomhlachtaí ábhartha eile dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ina gcomhaltaí den Fhóram Comhchomhairleach..
31. Ar leathanach 42, Airteagal 51, mír 4, pointe (d):in ionad: gearáin maidir le saineolaí atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile;, léitear: gearáin maidir le saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile;.
32. Ar leathanach 43, Airteagal 51, mír 10:in ionad: Áiritheoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoin sásra gearán ina tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69., léitear: Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoin sásra gearán ina tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69..
33. Ar leathanach 46, Airteagal 57, mír 3:in ionad: ....i ngníomhaíochta uile na Gníomhaireachta., léitear: i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta..
34. Ar leathanach 46, Airteagal 60, mír 4:in ionad: maidir le saineolaithe naisiúnta., léitear: maidir le saineolaithe náisiúnta..
35. Ar leathanach 48, Airteagal 66, mír 5:in ionad: Beidh dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta ina leith á rialú ag na forálacha na Rialachán Foirne nó na gCoinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi., léitear: Beidh dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta ina leith á rialú le forálacha na Rialachán Foirne nó na gCoinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi.
36. Ar leathanach 49, Airteagal 67:in ionad: Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir imscrúduithe an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE., léitear: Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.