Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 42 I an 23 Feabhra 2022)

Identifier:
32022D0266R(01)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 42 I an 23 Feabhra 2022 )

Ar leathanach 109, sa teideal agus ar an leathanach clúdaigh:in ionad: [...] mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin, léitear: [...] mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin.

Ar leathanach 109, aithris (2):in ionad: Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021 , d'iarr an Chomhairle ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais., léitear: Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021 , d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais..

Ar leathanach 109, aithris (6):in ionad: [...] aitheantas a thabhairt do na críocha sin nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin [...], léitear: [...] aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine [...].