Berigtigelse til Europa-Parlamentets og Rådets direktiv (EU) 2023/1791 af 13. september 2023 om energieffektivitet og om ændring af forordning (EU) 2023/995 (omarbejdning) (Den Europæiske Unions Tidende L 231 af 20. september 2023)
- Identifier:
- 32023L1791R(04)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 231 an 20 Meán Fómhair 2023 )
1. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail dreasacht dheighilte in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail dreasacht scoilte.
2. Ar leathanach 14, aithris (72)in ionad: Is féidir le heintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin rannchuidithe úsáideacha a sholáthar freisin agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu.; léitear: Is féidir le heintitis amhail Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus an tEintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin rannchuidithe úsáideacha a sholáthar freisin agus ba cheart dóibh tacú lena gcomhaltaí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu..
3. Ar leathanach 22, aithris (127):in ionad: Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin bunphrionsabal na éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh. Chuideodh sin le hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin réitigh éifeachtúlachta fuinnimh níos fearr a bhreithniú…, léitear: Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go gcuirfidh oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin bunphrionsabal na éifeachtúlachta fuinnimh san áireamh. Chuideodh sin le hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin réitigh éifeachtúlachta fuinnimh níos fearr a bhreithniú….
4. Ar leathanach 19, Airteagal 2, pointe (19):in ionad: ciallaíonn páirtí faoi oibleagáid dáileoir fuinnimh, comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchurtha, atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9;, léitear: ciallaíonn páirtí faoi oibleagáid dáileoir fuinnimh, comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola nó oibreoir córais tarchuir, atá faoi cheangal ag na scéimeanna náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 9:.
5. Ar leathanach 30, Airteagal 2, pointe (35):in ionad: ciallaíonn oibreoir córais tarchurtha oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 35 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;, léitear: ciallaíonn oibreoir córais tarchuir oibreoir córais tarchuir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 35 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le leictreachas nó Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2009/73/CE a mhéid a bhaineann le gás;.
6. Ar leathanach 57, in Airteagal 22, mír 9, an tríú fhomhír:in ionad: Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí roinnte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh. ,léitear: Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí deighilte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh..
7. Ar leathanach 57, in Airteagal 22, mír 10:in ionad: Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun roinnt na ndreasachtaí a mhaolú sna Ballstáit. ,léitear: Spreagfaidh an Coimisiún malartú agus scaipeadh forleathan faisnéise maidir le dea-chleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil chun dreasachtaí deighilte a mhaolú sna Ballstáit..
8. Ar leathanach 64, Airteagal 27(2):in ionad: 2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córas tarchuir agus dáileacháin gáis agus leictreachais bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo … . ;léitear: 2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis agus leictreachais bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo … ..
9. Ar leathanach 64, Airteagal 27(2), an tríú habairt:in ionad: Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis ainmnithe eile freisin go gcuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha nó na hoibreoirí córais dáileacháin bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme… ,léitear: Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis ainmnithe eile freisin go gcuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir nó na hoibreoirí córais dáileacháin bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme….
10. Ar leathanach 64, Airteagal 27(2), an abairt dheireanach:in ionad: Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha san anailís costais is tairbhe i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córais tarchurtha agus leis na hoibreoirí córais dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a roinnt. ,léitear: Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha san anailís costais is tairbhe i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córais tarchuir agus leis na hoibreoirí córais dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a roinnt..
11. Ar leathanach 64, Airteagal 27(3):in ionad: 3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas gréasáin agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus ó thaobh airgeadais de, go ndéanfaidh siad na gréasáin a bharrfheabhsú agus go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht gréasáin. Déanfaidh na hoibreoirí córas tarchuir agus dáileacháin na bearta sin, agus an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis trí laghdú na gcaillteanas líonra, a thuairisciú don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córas tharchurtha agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair, go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de. Spreagfaidh na Ballstáit na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gcóras a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin dreasacht-bhunaithe i gcomhréir leis na prionsabail taraife a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. ;léitear: 3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas gréasáin agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus ó thaobh airgeadais de, go ndéanfaidh siad na gréasáin a bharrfheabhsú agus go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht gréasáin. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin na bearta sin, agus an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis trí laghdú na gcaillteanas líonra, a thuairisciú don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair, go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de. Spreagfaidh na Ballstáit na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gcóras a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin dreasacht-bhunaithe i gcomhréir leis na prionsabail taraife a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009..
12. Ar leathanach 64, Airteagal 27(4), an dara habairt:in ionad: na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin, léitear: na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin.
13. Ar leathanach 65, Airteagal 27(6):in ionad: 6.Féadfaidh na Ballstáit … ar an gcóras tarchurtha agus dáileacháin ag an leibhéal is ísle is gá agus nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta. ;léitear: 6.Féadfaidh na Ballstáit … ar an gcóras tarchuir agus dáileacháin ag an leibhéal is ísle is gá agus nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta..
14. Ar leathanach 65, Airteagal 27(7), an chéad abairt:in ionad: Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchurtha agus dáileacháin a dhéanann dochar d’éifeachtúlacht fuinnimh ghiniúint ,léitear: Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchuir agus dáileacháin a dhéanann dochar d’éifeachtúlacht fuinnimh ghiniúint.
15. Ar leathanach 65, Airteagal 27(8):in ionad: 8.Comhlíonfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin Iarscríbhinn XIV ,léitear: 8.Comhlíonfaidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin Iarscríbhinn XIV
16. Ar leathanach 65, Airteagal 27(9):in ionad: 9.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith lonnaithe gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú. ,léitear: 9.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith lonnaithe gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú..
17. Ar leathanach 91, Iarscríbhinn VIII, pointe 1.3:in ionad: Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córas dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe … .; léitear: Agus conarthaí agus athruithe ar chonarthaí á seoladh, agus i mbillí a fhaigheann custaiméirí nó trí shuíomhanna gréasáin lena dtugtar aghaidh ar chustaiméirí aonair, cuirfidh dáileoirí fuinnimh, oibreoirí córais dáileacháin agus cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola a gcustaiméirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus intuigthe … ..