Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/385, an 19 Eanáir 2024)
- Označení:
- 32024D0385R(02)
- Stav:
- effective
- Jazyk textu:
- ga
Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/385, an 19 Eanáir 2024)
1. An teideal atá ar an gClár agus ar leathanach 1in ionad: Cinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, léitear: Cinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin.
2. Ar leathanach 2, aithris (9),in ionad: (9) I bhfianaise a thromchúisí atá na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar Iosrael agus an ghá atá le gníomhartha a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol a chomhrac, is iomchuí bearta sriantacha a bhunú i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus PIJ, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo. Tagann na bearta sriantacha sin faoi chuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), pointí (b) agus (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad.,léitear: (9) I bhfianaise a thromchúisí atá na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar Iosrael agus an ghá atá le gníomhartha a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol a chomhrac, is iomchuí bearta sriantacha a bhunú ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus PIJ, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo. Tagann na bearta sriantacha sin faoi chuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), pointí (b) agus (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad..