Ceartúchán ar Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2025 maidir le Rialacha i ndáil le rochtain ar Pharlaimint na hEorpa (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2025/2744, 12 Bealtaine 2025)
- Označení:
- 32025D02744R(02)
- Stav:
- effective
- Jazyk textu:
- ga
Ceartúchán ar Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2025 maidir le Rialacha i ndáil le rochtain ar Pharlaimint na hEorpa (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2025/2744, 12 Bealtaine 2025)
Ar leathanach 1, aithris 5:in ionad: (5) Ba cheart an chumhacht a bheith ag an Uachtarán nó, trí tharmligean, ag an Ardrúnaí, rochtain ar áitribh na Parlaiminte a dhiúltú ar feadh tréimhse shonrach ama nuair atá diúltú den sórt sin chun leasa na Parlaiminte, go háirithe i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an diúltú sin chun slándáil agus sábháilteacht inmheánach na Parlaiminte a áirithiú nó chun a hord inmheánach a choinneáil. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht acu toirmeasc ar rochtain ar áitribh na Parlaiminte a, ar feadh tréimhse shonrach ama, chuairteoirí nár chomhlíon na rialacha is infheidhme. Ba cheart fad an toirmisc sin ar rochtain a bheith comhréireach le leibhéal neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme.,léitear: (5) Ba cheart an chumhacht a bheith ag an Uachtarán nó, trí tharmligean, ag an Ardrúnaí, rochtain ar áitribh na Parlaiminte a dhiúltú ar feadh tréimhse shonrach ama nuair atá diúltú den sórt sin chun leasa na Parlaiminte, go háirithe i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an diúltú sin chun slándáil agus sábháilteacht inmheánach na Parlaiminte a áirithiú nó chun a hord inmheánach a choinneáil. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht acu rochtain ar áitribh na Parlaiminte a dhiúltú, ar feadh tréimhse shonrach ama, do chuairteoirí nár chomhlíon na rialacha is infheidhme. Ba cheart fad an toirmisc sin ar rochtain a bheith comhréireach le leibhéal neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme..