Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 60 an 2 Márta 2013) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Identifier:
32013R0168R(02)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 60 an 2 Márta 2013 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Leathanach 96, Iarscríbhinn I, sa tábla, an dara colún, sraith L3e (2 )In ionad: "(6) feithicil dhá roth nach féidir a aicmiú mar mhóipéid dhá roth de chatagóir L1e.",Léitear: "(6) feithicil dhá roth nach féidir a aicmiú mar chatagóir L1e.";

Leathanach 54, aithris 23:In ionad: "Chun go mbeifear in ann measúnú agus cinneadh a dhéanamh cibé a dhéanfar feistiú éigeantach ardchóras coscánaithe a leathnú chuig catagóirí breise de ghluaisrothair, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bheidh bunaithe, inter alia , ar shonraí faoi thionóiscí bóthair arna gcur ar fáil ag Ballstáit.", Léitear: "Chun go mbeifear in ann measúnú agus cinneadh a dhéanamh cibé a dhéanfar feistiú éigeantach ardchóras coscánaithe áirithe a leathnú chuig catagóirí breise de ghluaisrothair, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bheidh bunaithe, inter alia , ar shonraí faoi thionóiscí bóthair arna gcur ar fáil ag Ballstáit.";

Leathanach 55 Aithris 28, an ceathrú fléasc:In ionad: "— Treoir 93/33/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí cosanta atá ceaptha chun an úsáid neamhúdaraithe mótarfheithiclí dhá nó trí roth a chosc",Léitear: "— Treoir 93/33/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí cosanta atá ceaptha chun úsáid neamhúdaraithe mótarfheithiclí dhá nó trí roth a chosc";

Leathanach 56, Airteagal 1, an dara mír, an chéad abairt:In ionad: "Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cineálcheadú agus ceadú feithiclí aonair.", Léitear: "Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceadú feithiclí aonair.";

Leathanach 58, Airteagal 3, sainmhíniú (24):In ionad: "ciallaíonn córas coscánaithe frithghlasa córas a dhéanann sciorradh rotha a bhrath agus a mhodhnaíonn go huathoibríoch an brú a dhéanann na fórsaí coscánaithe ag an roth/na rothaí chun méid an sciorrtha rotha a theorannú;", Léitear: "ciallaíonn córas coscánaithe frithghlasála córas a dhéanann sciorradh rotha a bhrath agus a mhodhnaíonn go huathoibríoch an brú a dhéanann na fórsaí coscánaithe ag an roth/na rothaí chun méid an sciorrtha rotha a theorannú;";

Leathanach 59, Airteagal 3, sainmhíniú (39):In ionad: "Ciallaíonn toilleadh innill: (a) i gcás inneall loiní frithingeacha, scuab-thoirt ainmniúil na sorcóirí;(b) i gcás inneall loine rothlaigh (Wankel), dhá oiread scuab-thoirt ainmniúil na sorcóirí;",Léitear: "Ciallaíonn toilleadh innill: (a) i gcás inneall loiní frithingeacha, scuab-thoirt ainmniúil an innill;(b) i gcás inneall loine rothlaigh (Wankel), dhá oiread scuab-thoirt ainmniúil an innill;";

Leathanach 86, Airteagal 60, an chéad mhír:In ionad: "Déanfar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanann an Fóram maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (1 ) a leathnú go dtí feithiclí atá clúdaithe ag an Rialachán seo.", Léitear: "Déanfar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanann an Fóram maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (1 ) a leathnú go dtí feithiclí atá clúdaithe ag an Rialachán seo.";

Leathanach 93, Liosta na nIarscríbhinní:In ionad: "(…) IARSCRÍBHINN IVClár ama do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ó thaobh cineálcheadúIARSCRÍBHINN V (A)Tástálacha agus ceanglais a bhaineann leis an gcomhshaolIARSCRÍBHINN V (B)Cur i bhfeidhm na gceanglas um thástáil feidhmíochta comhshaoil i gcomhair cineálcheadú agus faduitheIARSCRÍBHINN VILuachanna teorann astaíochtaí truailleán, tairseacha DAB agus luachanna teorainneacha maidir le leibhéal fuaime maidir le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta (…)",Léitear: "(…) IARSCRÍBHINN IVClár ama le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le cineálcheadúIARSCRÍBHINN V (A)Tástálacha agus ceanglais a bhaineann leis an gcomhshaolIARSCRÍBHINN V (B)Cur i bhfeidhm na gceanglas um thástáil feidhmíochta comhshaoil i gcomhair cineálcheadú agus faduitheIARSCRÍBHINN VILuachanna teorann astaíochtaí truailleán, tairseacha DAB agus luachanna teorann don leibhéal fuaime i dtaca le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta (…)";

Leathanach 107, Teideal Iarscríbhinn IV:In ionad: "Clár ama le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le cineálcheadú", Léitear: "Clár ama le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le cineálcheadú";

Leathanach 108 Iarscríbhinn IV, pointe 1.8, an dara colún:In ionad: "Cineál tástála VIII, tástáil chomhshaoil OBD", Léitear: "Cineál tástála VIII, tástáil chomhshaoil DAB";

Leathanach 108 Iarscríbhinn IV, pointe 1.8.1, sa dara colún:In ionad: "OBD céim I, ceanglais fheidhmiúla OBD céim I, nós imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII) OBD céim I, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)", Léitear: "DAB céim I, ceanglais fheidhmiúla DAB céim I, nós imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII) DAB céim I, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)";

Leathanach 109 Iarscríbhinn IV, pointe 1.8,2, sa dara colún:In ionad: "OBD céim I, ceanglais fheidhmiúla OBD céim I, nós imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII) OBD céim I, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B2)", Léitear: "DAB céim I, ceanglais fheidhmiúla DAB céim I, nós imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII) DAB céim I, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)";

Leathanach 109 Iarscríbhinn IV, pointe 1.8,3. sa dara colún:In ionad: "OBD céim II, ceanglais fheidhmiúla, ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5) OBD céim II, nósanna imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII), ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5) OBD céim II, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B2), ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5)", Léitear: "DAB céim II, ceanglais fheidhmiúla, ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5) DAB céim II, nósanna imeachta don tástáil chomhshaoil (cineál tástála VIII), ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5) DAB céim II, tairseacha don tástáil chomhshaoil, Iarscríbhinn VI (B2), ag feitheamh ar Airteagal 23(4) agus (5)";

Leathanach 114, Iarscríbhinn V, an tríú colún déag, an dara hiontráil:In ionad: "Níl/Tá don CA", Léitear: "Níl/Tá do CA";

Leathanach 116:In ionad: "IARSCRÍBHINN VI Luachanna teorann astaíochtaí truailleán, tairseacha DAB agus luachanna teorann do leibhéal fuaime maidir le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta", Léitear: "IARSCRÍBHINN VI Luachanna teorann astaíochtaí truailleán, tairseacha DAB agus luachanna teorann don leibhéal fuaime i dtaca le cineálcheadú agus comhréireacht táirgeachta";

Leathanach 118, Ceannteideal (B):In ionad: "Tairseacha astaíochtaí don chóras diagnóiseach ar bord", Léitear: "Tairseacha astaíochtaí na gcóras diagnóiseach ar bord";

Leathanach 123, Iarscríbhinn VIII, an dara colún, an chéad iontráil:In ionad: "(a) tá córas coscánaithe frithghlasa nó córas comhcheangailte coscánaithe, nó an dá chineál ardchórais choscánaithe, ar rogha an mhonaróra, le feistiú ar ghluaisrothair nua d’fhochatagóir L3e-A1 a chuirtear ar fáil ar an margadh, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís;(b) tá córas coscánaithe frithghlasa le feistiú ar ghluaisrothair nua d’fhochatagóirí L3e-A2 agus L3e-A3 a chuirtear ar fáil ar an margadh, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís.",Léitear: "(a) tá córas coscánaithe frithghlasála nó córas comhcheangailte coscánaithe, nó an dá chineál ardchórais choscánaithe, ar rogha an mhonaróra, le feistiú ar ghluaisrothair nua d’fhochatagóir L3e-A1 a chuirtear ar fáil ar an margadh, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís;(b) tá córas coscánaithe frithghlasála le feistiú ar ghluaisrothair nua d’fhochatagóirí L3e-A2 agus L3e-A3 a chuirtear ar fáil ar an margadh, a chláraítear agus a chuirtear i seirbhís.".

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 60 an 2 Márta 2013) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge) — LexHub