Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 176 an 27 Meitheamh 2013)

Identifier:
32013R0575R(09)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 176 an 27 Meitheamh 2013 )

1. Ar leathanach 24, in Airteagal 4, mír 1, pointe (81):in ionad: (81) Ciallaíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;,léitear: (81) Ciallaíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;.

2. Ar leathanach 88, i Roinn 3, Foroinn 3, Airteagal 137, mír 1, pointe (a):in ionad: (a) is scór priacal na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil de chuid an ECFE;,léitear: (a) is scór riosca na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil de chuid an ECFE;.

3. Ar leathanach 254, i gCuid a Seacht, Airteagal 429, mír 10, pointe (b):in ionad: (b) is ionann agus 20 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánphriacal/íosphriacal atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i mír 3(a) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le maoiniú onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil dá dtagraítear i mír 3(b)(i) d'Iarscríbhinn 1; Is téarma sainithe é in Airteagal 4 creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu],léitear: (b) is ionann agus 20 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánriosca/íosriosca atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i mír 3(a) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil dá dtagraítear i mír 3(b)(i) d'Iarscríbhinn 1; Is téarma sainithe é in Airteagal 4 creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil].

4. Ar leathanach 254, i gCuid a Seacht, Airteagal 429, mír 10, pointe (c):in ionad: (c) is ionann agus 50 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánphriacal maoiniúcháin atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i bpointe 2a agus i bpointe 2(b)(i) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil dá dtagraítear i bpointe 2(b)(ii) d'Iarscríbhinn I;.,léitear: (c) is ionann agus 50 % an fachtóir coinbhéartachta maidir le hítimí meánriosca maoiniúcháin atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le trádáil dá dtagraítear i bpointe 2a agus i bpointe 2(b)(i) d'Iarscríbhinn I agus maidir le hítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe 2(b)(ii) d'Iarscríbhinn I;.

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 176 an 27 Meitheamh 2013) — LexHub