Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 181 an 29 Meitheamh 2013, lch. 15) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
- Identifier:
- 32013R0608R(01)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 181 an 29 Meitheamh 2013, lch. 15 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
1. Leathanach 15, Aithris 6:in ionad: Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach nó sáruithe atá mar thoradh ar rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003., léitear: Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach neamhdhleathach agus sáruithe atá mar thoradh ar rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003.;
2. Leathanach 16, Aithris 11, an dara abairt:in ionad: […], ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh., léitear: […], ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh.;
3. Leathanach 16, Aithris 14:in ionad: D’fhonn a áirithiú go déanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d’eintiteas atá ag lorg ceart ar fud an Aontais a fhorghníomhú iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin., léitear: D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d’eintitis atá ag lorg cearta ar fud an Aontais a fhorghníomhú iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin;
4. Leathanach 17, Aithris 21:in ionad: Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na dtríú tíortha lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin., léitear: Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na dtríú tíortha sin lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin.;
5. Leathanach 23, Airteagal 6(3)(m):in ionad: gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d’anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;, léitear: gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d’anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;;
6. Leathanach 24, Airteagal 11(2):in ionad: I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d’Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra go ndearnadh scaoileadh na n-earraí nó coinneáil na n-earraí a chur ar fionraí., léitear: I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d’Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.;
7. Leathanach 26, Airteagal 17(3), an dara fomhír:in ionad: I gcás ina chineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin., léitear: I gcás ina gcineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil beirt nó níos mó mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.;
8. Leathanach 26, Airteagal 18(1):in ionad: I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas, féadfaidh siad scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil., léitear: I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas, féadfaidh siad, ach amháin i gcás earraí meatacha, scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil;
9. Leathanach 26, Airteagal 18(3), an dara fomhír:in ionad: I gcás ina gcinneann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil níos mó ná beirt mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin, léitear: I gcás ina gcinneann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil beirt nó níos mó mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin;
10. Leathanach 30, Airteagal 26(8), an abairt tosaigh:in ionad: I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí nó nach measfar go bhfuil a chomhaontú den sórt sin dearbhaithe, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n-áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí., léitear: I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí agus i gcás nach measfar go bhfuil an comhaontú sin dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí..