Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 340 an 17 Nollaig 2013, lch. 1) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Identifier:
32013R1318R(01)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 340 an 17 Nollaig 2013, lch. 1 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Leathanach 1, aithris (2):in ionad: Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le hIarscríbhinn I i ndáil le rannóga um Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) in aghaidh an Bhallstáit a leasú, na rialacha a leagan síos chun an tairseach maidir le toise eacnamaíoch..., léitear: Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le hIarscríbhinn I i ndáil le rannóga um Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) in aghaidh an Bhallstáit a leasú, na rialacha a leagan síos chun an tairseach maidir le méid eacnamaíoch...;

Leathanach 1, aithris (3):in ionad: Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 agus chun idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chur feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an tairseach maidir le toise eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú,, léitear: Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 agus chun idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chur feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an tairseach maidir le méid eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú,;

Leathanach 2, aithris (8):in ionad: Go háirithe, ní éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit liosta na n-oifigí cuntasaíochta a sholáthar do ghabháltais chomhairimh chun rogha a dhéanamh as a measc ach tá a chuntasóir nó oifig chuntasaíochta féin ag formhór na ngabháltas a thugann na sonraí do LSCF nó bailíonn an oifig idirchaidrimh nó a conraitheoirí na sonraí go díreach. Ina theannta sin, ní éilíonn an Coimisiún a thuilleadh tuarascálacha ar chur chun feidhme an phlean maidir le roghnú na ngabháltas comhairimh arna bhformheas ag na Coistí Náisiúnta., léitear: Go háirithe, ní éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit liosta na n-oifigí cuntasaíochta a sholáthar do ghabháltais chuntasaíochta chun rogha a dhéanamh as a measc ach tá a chuntasóir nó oifig chuntasaíochta féin ag formhór na ngabháltas a thugann na sonraí do LSCF nó bailíonn an oifig idirchaidrimh nó a conraitheoirí na sonraí go díreach. Ina theannta sin, ní éilíonn an Coimisiún a thuilleadh tuarascálacha ar chur chun feidhme an phlean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta arna bhformheas ag na Coistí Náisiúnta.;

Leathanach 2, Airteagal 1(1):in ionad: Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach, léitear: Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach a bhailiú ;

Leathanach 3, pointe (a) d’Airteagal 1(8):in ionad: 1.Le réimse an tsuirbhé dá dtagraítear in Airteagal 1(2) cumhdófar na gabháltais talmhaíochta atá de thoise eacnamaíoch atá cothrom le, nó níos mó ná, tairseach arna shloinneadh in euro a chomhfhreagraíonn do cheann de na híosteorainneacha aicmí toise eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta a shainítear in Airteagal 5b., léitear: 1.Le réimse an tsuirbhé dá dtagraítear in Airteagal 1(2) cumhdófar na gabháltais talmhaíochta atá de mhéid eacnamaíoch atá cothrom le, nó níos mó ná, tairseach arna shloinneadh in euro a chomhfhreagraíonn do cheann de na híosteorainneacha aicmí méid eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta a shainítear in Airteagal 5b.;

Leathanach 4, Airteagal 1(9), Airteagal 5b(1) atá le cur isteach:in ionad: Airteagal 5b1.Déanfar gabháltais talmhaíochta a aicmiú ar bhealach aonfhoirmeach de réir thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta (an tíopeolaíocht), ag brath ar a gcineál talmhaíocht, an méid eacnamaíocht atá acu agus an tábhacht a atá gníomhaíochtaí sochracha eile ag a bhaineann go díreach leo., léitear: Airteagal 5b1.Déanfar gabháltais talmhaíochta a aicmiú ar bhealach aonfhoirmeach de réir thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta (an tíopeolaíocht), ag brath ar a gcineál talmhaíocht, an méid eacnamaíocht atá acu agus an tábhacht atá ag gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leo .;

Leathanach 4, Airteagal 1(9), Airteagal 5b(3) atá le cur isteach, an tríú mír:in ionad: Sonrófar an gaol idir cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta agus speisialtóireachtaí feirmeoireachta a bheadh i gcomhréir le cineálacha príomha feirmeoireachta., léitear: Sonrófar an gaol idir cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta agus cineálacha sonracha speisialtóireachtaí feirmeoireachta a bheadh i gcomhréir le cineálacha príomha feirmeoireachta.;

Leathanach 4, Airteagal 1(9), Airteagal 5b(4) atá le cur isteach:in ionad: Cinnfear méid eacnamaíoch an ghabháltais ar bhonn aschur iomlán an ghabháltais., léitear: Cinnfear méid eacnamaíoch an ghabháltais ar bhonn aschur iomlán caighdeánach an ghabháltais.;

Leathanach 5, Airteagal 1(12), pointe 2 atá le cur isteach, an dara fleasc:in ionad: — rochtain a fháil ar ioncaim an ghabháltais ina fhoirmeacha éagsúla,,léitear: — ioncaim an ghabháltais ina fhoirmeacha éagsúla a mheasúnú,;

Leathanach 5, Airteagal 1(12), pointe 3 atá le cur isteach, an chéad fhomhír:in ionad: Tagróidh na sonraí sin do ghníomhaíochta talmhaíochta an ghabháltais féin agus gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas. Agus na tuairisceáin feirme á n-ullmhú ní chuirfear san áireamh aon sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí neamh-fheirmeoireachta an tsealbhaitheora ná a mhuintire, ná le haon phinsean, le haon chomharbas, le haon chuntas bainc príobháideach, le haon mhaoin seachas an gabháltas talmhaíochta, le haon chánachas pearsanta ná árachas príobháideach., léitear: Tagróidh na sonraí sin do ghníomhaíochtaí talmhaíochta an ghabháltais féin agus gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas. Agus na tuairisceáin feirme á n-ullmhú ní chuirfear san áireamh aon sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí neamh-fheirmeoireachta an fheirmeora ná a mhuintire, ná le haon phinsean, le haon chomharbas, le haon chuntas bainc príobháideach, le haon mhaoin seachas an gabháltas talmhaíochta, le haon chánachas pearsanta ná árachas príobháideach.;

Leathanach 5, Airteagal 1(12), pointe 3 atá le cur isteach, an tríú fomhír:in ionad: D’fhonn a áirithiú na sonraí cuntasaíochta a bhailítear trí bhíthin na tuairisceáin feirme inchomparáide, is cuma céard iad na gabháltais chuntasaíochta,, léitear: D’fhonn a áirithiú na sonraí cuntasaíochta a bhailítear trí bhíthin na tuairisceáin feirme inchomparáide, is cuma céard iad na gabháltais chuntasaíochta a rinneadh suirbhé orthu ,;

Leathanach 5, Airteagal 1(14), pointe (a) atá le cur isteach:in ionad: I gcás ina bhfuil é líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus..., léitear: I gcás ina bhfuil líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus....