Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 141 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Meitheamh 2015)

Identifier:
32015R0848R(01)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 141 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Meitheamh 2015 )

Leathanach 22, aithris 28, an dara habairt:in ionad: Má athraíonn an lárionad príomhleasanna, na creidiúnaithe ar chur ar an eolas faoin lonnaíocht nua ina ndéanann an féichiúnaí a ghníomhaíochtaí in am trátha, mar shampla trí aird a tharraingt ar athrú an tseolta i gcomhfhreagras tráchtála, nó leis an lonnaíocht nua a fhoilsiú trí bhealaí iomchuí eile., léitear: Má athraíonn an lárionad príomhleasanna, féadfar a cheangal leis an méid sin go ndéanfar na creidiúnaithe a chur ar an eolas faoin lonnaíocht nua ina ndéanann an féichiúnaí a ghníomhaíochtaí in am trátha, mar shampla trí aird a tharraingt ar athrú an tseolta i gcomhfhreagras tráchtála, nó leis an lonnaíocht nua a fhoilsiú trí bhealaí iomchuí eile..

Leathanach 26, aithris 66, an dara habairt:in ionad: Ba cheart an bunús, an bhailíocht agus an méid ceart in rem den sórt a chinneadh de réir lex situs agus níor cheart go mbeadh éifeacht ag tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta air., léitear: Ba cheart bunús, bailíocht agus méid ceart in rem a chinneadh de ghnáth de réir lex situs agus níor cheart go mbeadh éifeacht ag tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta air..

Leathanach 41, Airteagal 36, mír 3:in ionad: 3.Is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inarbh fhéidir príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó i gceann de na teangacha oifigiúla dá chuid a thabharfar an gealltanas, nó, i gcás go bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inarbh fhéidir imeachtaí dócmhainneachta táinisteacha a thionscnamh., léitear: 3.Is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inarbh fhéidir príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó i gceann de na teangacha oifigiúla dá chuid a thabharfar an gealltanas, nó, i gcás go bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inarbh fhéidir imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh..

Leathanach 56, Caibidil VII, Airteagal 84, pointe 1:in ionad: 1.Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ach i gcás imeachtaí dóchmhainneachta a thionscnófar tar éis an 26 Meitheamh 2017 . Maidir le gníomhartha a rinne féichiúnaí roimh dáta cur chun feidhme an Rialacháin seo, is é an dlí is infheidhme tráth a ndearnadh na gníomhartha sin a rialóidh iad., léitear: 1.Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ach i gcás imeachtaí dócmhainneachta a thionscnófar tar éis an 26 Meitheamh 2017 . Maidir le gníomhartha a rinne féichiúnaí roimh an dáta sin, is é an dlí is infheidhme tráth a ndearnadh na gníomhartha sin a rialóidh iad..

Leathanach 19, aithris 1, an dara habairt:in ionad: Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil an Rialachán ag feidhmiú go maith tríd is tríd ach go mbeadh sé inmhianithe cur i bhfeidhm forálacha áirithe de a fheabhsú d’fhonn riar éifeachtach imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a fheabhsú., léitear: Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil an Rialachán ag feidhmiú go maith tríd is tríd ach go mbeadh sé inmhianaithe cur i bhfeidhm forálacha áirithe de a fheabhsú d’fhonn riar éifeachtach imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a fheabhsú..

Leathanach 19, aithris 4, an dara habairt:in ionad: Tá éifeacht ag dócmhainneacht gnóthas den sórt sin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus tá gá le gníomh ón Aontas lena gceanglófar comhar na mbeart a bheidh le glacadh maidir le sócmhainní féichiúnaí dócmhainneach., léitear: Tá éifeacht ag dócmhainneacht gnóthas den sórt sin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh freisin, agus tá gá le gníomh ón Aontas lena gceanglófar comhordú na mbeart a bheidh le glacadh maidir le sócmhainní féichiúnaí dócmhainneach..

Leathanach 20, aithris 9, an abairt dheireanach:in ionad: Níor cheart nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn A a chumhdach leis an Rialacháin seo., léitear: Níor cheart nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn A a chumhdach leis an Rialachán seo..

Leathanach 20, aithris 13, an dara habairt:in ionad: Cé go bhféadann ról tábhachtach a bheith ag imeachtaí den sórt sin i roinnt de na Ballstáit, bheadh sé dodhéanta do chreidiúnaí nó do chúirt atá suite i mBallstát eile a bheith ar an eolas gur tionscnaíodh imeachtaí dá sórt de bharr a nádúr rúnda, agus leis sin bheadh sé deacair foráil a dhéanamh do shainaithint éifeachtaí na n-imeachtaí sin ar fud an Aontais., léitear: Cé go bhféadann ról tábhachtach a bheith ag imeachtaí den sórt sin i roinnt de na Ballstáit, bheadh sé dodhéanta do chreidiúnaí nó do chúirt atá suite i mBallstát eile a bheith ar an eolas gur tionscnaíodh imeachtaí dá sórt de bharr a gcineál rúnda, agus leis sin bheadh sé deacair foráil a dhéanamh chun éifeachtaí na n-imeachtaí sin a aithint ar fud an Aontais..

Leathanach 19, aithris 7:in ionad: (7) Féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin a bhaineann leis na himeachtaí sin, eisiatar iad sin ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairleRialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1 )., . Ba cheart na himeachtaí sin a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart bealaí éalaithe rialála idir an dá ionstraim a sheachaint a oiread is féidir sa léirmhíniú ar an Rialachán seo. Toisc nach liostaítear nós imeachta náisiúnta in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán seo, áfach, níor cheart go dtabharfaí le tuiscint go gcumhdaítear é sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.léitear: (7) Féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí atá ar aon dul leo, agus caingne a bhaineann leis na himeachtaí sin, eisiatar iad sin ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairleRialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1 ).. . Ba cheart na himeachtaí sin a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart bealaí éalaithe rialála idir an dá ionstraim a sheachaint a oiread is féidir sa léiriú ar an Rialachán seo. Toisc nach liostaítear nós imeachta náisiúnta in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán seo, áfach, níor cheart go dtabharfaí le tuiscint go gcumhdaítear é sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

Leathanach 20, aithris 16, an abairt dheireanach:in ionad: Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go gcuirfí san áireamh sa chríoch chun fiach a choigeartú imeachtaí sonracha ina ndéantar na fiacha de dhuine nádúrtha ar ioncam an-íseal agus le luach an-íseal sócmhainne a dhíscríobh, ar choinníoll nach ndéantar foráil in imeachtaí den sórt sin choíche ar chreidiúnaithe a íoc., léitear: Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go gcuirfí san áireamh sa chríoch chun fiach a choigeartú imeachtaí sonracha ina ndéantar fiacha duine nádúrtha ar ioncam an-íseal agus le luach an-íseal sócmhainne a dhíscríobh, ar choinníoll nach ndéantar foráil in imeachtaí den sórt sin choíche chun creidiúnaithe a íoc..

Leathanach 21, aithris 17, an dara habairt:in ionad: Féadfar an tréimhse ama a bheidh ábhartha chun bagairt den chineál sin a chinneadh a fhadú go tréimhse roinnt míonna nó níos faide fós d’fhonn gach cás a chur san áireamh ina mbeadh an féichiúnaí i dtuilleamaí deacrachtaí neamh-airgeadais a bhagraíonn ar stádás a ghnó mar ghnólacht agus, sa mheántéarma, ar a leachtacht., léitear: Féadfar an tréimhse ama a bheidh ábhartha chun bagairt den chineál sin a chinneadh a fhadú go tréimhse roinnt míonna nó níos faide fós d’fhonn cásanna a chur san áireamh ina mbeadh an féichiúnaí i dtuilleamaí deacrachtaí neamh-airgeadais a bhagraíonn ar stádas a ghnó mar ghnólacht leantach agus, sa mheántéarma, ar a leachtacht..

Leathanach 20, aithris 14, an chéad abairt:in ionad: (14) Maidir leis na comhimeachtaí a chumhdaítear leis an Rialacháin seo, ba cheart go n-áiritheofaí na creidiúnaithe uile nó formhór na gcreidiúnaithe a bhfuil fiacha uile nó cion suntasach dá fhiacha gan íoc ag féichiúnaí orthu, ar choinníoll nach ndéanfaí difear d’éilimh na gcreidiúnaithe sin nach bhfuil rannpháirteach sna himeachtaí sin.,léitear: (14) Maidir leis na comhimeachtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go n-áiritheofaí orthu na creidiúnaithe uile nó formhór na gcreidiúnaithe a bhfuil a fhiacha uile, nó cion suntasach dá fhiacha, gan íoc ag an bhféichiúnaí, ar choinníoll nach ndéanfaí difear d’éilimh na gcreidiúnaithe sin nach bhfuil rannpháirteach sna himeachtaí sin..

Leathanach 20, aithris 16, an chéad abairt:in ionad: (16) Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann le dócmhainneacht.,léitear: (16) Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann le dócmhainneacht..

Leathanach 21, aithris 17, an chéad abairt:in ionad: (17) Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo nósanna imeachta a thionscnaítear de bharr cásanna ina mbeadh deacrachtaí neamh-airgeadais ag an bhféichiúnaí, ar an gcoinníoll go mbagraíonn deacrachtaí den sórt sin ar bhealach nithiúil nó tromchúiseach ar ábaltacht an fhéichiúnaí a chuid fiacha a íoc go hiarbhír nó sa todhchaí de réir mar a bheidh na fiacha sin dlite.,léitear: (17) Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo imeachtaí a thionscnaítear de bharr cásanna ina mbeadh deacrachtaí neamh-airgeadais ag an bhféichiúnaí, ar an gcoinníoll go mbagraíonn deacrachtaí den sórt sin ar bhealach nithiúil nó tromchúiseach ar ábaltacht an fhéichiúnaí a chuid fiacha a íoc go hiarbhír nó sa todhchaí de réir mar a bheidh na fiacha sin dlite..

Leathanach 21, aithris 18:in ionad: (18) Ba cheart go mbeadh leasú an Rialacháin seo gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair a aisghabháil ó chuideachtaí dócmhainneachta mar a léirmhínigh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.,léitear: (18) Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair a aisghabháil ó chuideachtaí dócmhainneacha faoi mar a léirigh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad..

Leathanach 28, aithris 78, an abairt dheireanach:in ionad: Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh trí hipearnaisc a chur leis an Tairseach Eorpach r-Cheartas, áit a dtabharfar faisnéis fhéinmhínitheach maidir leis na critéir chun na teoireannacha ama sin a ríomh., léitear: Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh trí hipearnaisc a chur leis an Tairseach Eorpach r-Cheartas, áit a dtabharfar faisnéis fhéinmhínitheach maidir leis na critéir chun na teorainneacha ama sin a ríomh..

Leathanach 37, Airteagal 24, mír 2, pointe (b):in ionad: (b) an chúirt a thionscnaigh imeachtaí dócmhainneachta agus uimhir thagartha an cháis, más ann di;,léitear: (b) an chúirt a thionscain imeachtaí dócmhainneachta agus uimhir thagartha an cháis, más ann di;.

Leathanach 39, Airteagal 29, mír 2:in ionad: 2.hta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige clárú den sórt sin a iarraidh in aon Bhallstát eile, ar choinníoll go gceadaítear cláruithe den sórt sin le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clárú ann., léitear: 2.Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige clárú den sórt sin a iarraidh in aon Bhallstát eile, ar choinníoll go gceadaítear clárú den sórt sin le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clár..

Leathanach 40, Airteagal 32, mír 1, an chéad fhomhír, an abairt dheireanach:in ionad: Déanfar breithiúnais den sórt sin a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAireagal 44 agus Airteagal 47 go hAirteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012., léitear: Déanfar breithiúnais den sórt sin a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAirteagal 44 agus Airteagal 47 go hAirteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012..

Leathanach 40, Airteagal 33: in ionad: Féadfaidh aon Bhallstát diúltú aitheantas a thabhairt d’imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát eile nó breithiúnas a tugadh a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin i gcás inar léir go mbeadh éifeachtaí an aitheantais nó an fhorfheidhmithe sin acontrártha do bheartas poiblí an Bhallstáit sin, go háirithe a phrionsabail bhunúsacha nó cearta bunreachtúla agus saoirsí bunreachtúla an duine aonair., léitear: Féadfaidh aon Bhallstát diúltú aitheantas a thabhairt d’imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i mBallstát eile nó breithiúnas a tugadh a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin i gcás inar léir go mbeadh éifeachtaí an aitheantais nó an fhorfheidhmithe sin contrártha do bheartas poiblí an Bhallstáit sin, go háirithe a phrionsabail bhunúsacha nó cearta bunreachtúla agus saoirsí bunreachtúla an duine aonair..

Leathanach 21, aithris 25:in ionad: (25) Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le himeachtaí i ndáil le feichiúnaí a bhfuil a lárionad príomhleasa suite san Aontas.,léitear: (25) Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le himeachtaí i ndáil le féichiúnaí a bhfuil a lárionad príomhleasa suite san Aontas..

Leathanach 48, Airteagal 58in ionad: Airteagal 58Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteannaAon chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta de ghrúpa cuideachtaí: (a) rachaidh sé i mbun comhair agus déanfaidh sé cumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh i ndáil le comhalta eile den ghrúpa céanna cuideachtaí ar feitheamh faoina bráid nó a thionscnaigh imeachtaí den sórt sin; agus(b) féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar an gcúirt sin a bhaineann le himeachtaí i ndáil leis an mball eile den ghrúpa nó iarrfaidh sé cúnamh maidir leis na himeachtaí ar ceapadh eisean iontu,a mhéid a bhfuil an comhar agus an chumarsáid sin oiriúnach chun na himeachtaí a riaradh ar bhealach éifeachtach, nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leo agus nach bhfuil siad ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme., léitear: Airteagal 58Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteannaAon chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta de ghrúpa cuideachtaí: (a) rachaidh sé i mbun comhair agus déanfaidh sé cumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh i ndáil le comhalta eile den ghrúpa céanna cuideachtaí ar feitheamh faoina bráid nó a thionscain imeachtaí den sórt sin; agus(b) féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar an gcúirt sin a bhaineann le himeachtaí i ndáil leis an gcomhalta eile den ghrúpa nó féadfaidh sé cúnamh a iarraidh maidir leis na himeachtaí ar ceapadh eisean iontu;a mhéid a bhfuil an comhar agus an chumarsáid sin oiriúnach chun na himeachtaí a riaradh ar bhealach éifeachtach, nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leo agus nach bhfuil siad ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme..

Leathanach 52, Airteagal 72 (1), pointe (b), an chéad abairt:in ionad: (b) plean comhordaithe grúpa a mholadh a mbeidh sainaithint, cur síos agus moladh ann i ndáil le tacar cuimsitheach beart a bheidh iomchuí do chur chuige comhtháite maidir le dóchmhainneachtaí chomhaltaí an ghrúpa a réiteach.,léitear: (b) plean comhordaithe grúpa a mholadh a mbeidh sainaithint, cur síos agus moladh ann i ndáil le tacar cuimsitheach beart a bheidh iomchuí do chur chuige comhtháite maidir le dócmhainneachtaí chomhaltaí an ghrúpa a réiteach..

Leathanach 22, aithris 28, an chéad abairt:in ionad: (28) Nuair a dheimhnítear ar áit infhionnta ag tríú páirtithe é lárionad príomhleasa an fheichiúnaí, ba cheart measúnú speisialta a thabhairt do na creidiúnaithe agus dá léargas faoin áit a riarann an féichiúnaí a leasanna.,léitear: (28) Nuair a dheimhnítear ar áit infhionnta ag tríú páirtithe é lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí, ba cheart aird speisialta a thabhairt ar na creidiúnaithe agus ar a léargas faoin áit a riarann an féichiúnaí a leasanna..

Leathanach 22, aithris 31:in ionad: (31) Mar chuid den chuspóir céanna chun tóraíocht chalaoiseach nó éagórach fóram a chosc, níor cheart go mbeadh feidhm ag an toimhde go bhfuil an lárionad príomhleasa ag an áit a bhfuil an oifig cláraithe, ag príomháit ghnó an duine aonair nó ag an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair, faoi seach, i gcás cuideachta, duine dlítheanach nó duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a oifig chláraithe nó a phríomháit ghnó chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dóchmhainneachta a thionscnamh, nó i gcás duine aonair nach bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a ghnáthchónaí chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh dó iarratas a dhéanamh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.,léitear: (31) Mar chuid den chuspóir céanna chun tóraíocht chalaoiseach nó éagórach fóram a chosc, níor cheart go mbeadh feidhm ag an toimhde go bhfuil an lárionad príomhleasa ag an áit a bhfuil an oifig cláraithe, ag príomháit ghnó an duine aonair nó ag an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair, faoi seach, i gcás cuideachta, duine dlítheanach nó duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a oifig chláraithe nó a phríomháit ghnó chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, nó i gcás duine aonair nach bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a ghnáthchónaí chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh dó iarratas a dhéanamh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh..

Leathanach 24, aithris 45, an chéad abairt:in ionad: (45) Ar an dara dul síos, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go gcuirfeadh an chúirt bac sealacadh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, nuair a deonaíodh bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, chun éifeachtúlacht an bhaic a deonaíodh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta a chaomhnú.,léitear: (45) Ar an dara dul síos, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go gcuirfeadh an chúirt bac sealadach ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, nuair a deonaíodh bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, chun éifeachtúlacht an bhaic a deonaíodh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta a chaomhnú..

Leathanach 26, aithris 67, an chéad abairt:in ionad: (67) Féadfaidh aithint uathoibríoch imeachtaí dócmhainneachta a mbeidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina dtionscnáitear imeachtaí ina leith cur isteach ar na rialacha a ndéantar idirbhearta fúthu i mBallstáit eile.,léitear: (67) Féadfaidh aithint uathoibríoch imeachtaí dócmhainneachta a mbeidh feidhm de ghnáth ag dlí an Bhallstáit ina dtionscnaítear imeachtaí ina leith cur isteach ar na rialacha a ndéantar idirbhearta fúthu i mBallstáit eile..

Leathanach 28, aithris 81, an chéad abairt:in ionad: (81) D’fheadfadh sé tarlú nach mbeadh roinnt de na daoine lena mbaineann ar an eolas go bhfuil imeachtaí dócmhainneachta á dtionscnamh agus go mbeadh siad ag gníomhú de mheon macánta ar bhealach a bheadh ag teacht salach ar cúinsí nua.,léitear: (81) D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh roinnt de na daoine lena mbaineann ar an eolas go bhfuil imeachtaí dócmhainneachta á dtionscnamh agus go mbeadh siad ag gníomhú de mheon macánta ar bhealach a bheadh ag teacht salach ar chúinsí nua..