Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 95 an 7 Aibreán 2017)
- Identifier:
- 32017R0625R(16)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 95 an 7 Aibreán 2017 )
Ar leathanach 56, Airteagal 57(1): in ionad: 1.Maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a chur faoi nós imeachta custaim agus a láimhseáil faoi nós imeachta custaim ag na húdaráis chustaim, lena n-áirítear a dteacht isteach nó a láimhseáil i dtrádstórais shaora nó i dtrádstórais chustaim nó i gcriosanna saora, beidh siad faoi réir thíolacadh an CHED, agus é tugtha chun críche go cuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht do na húdaráis custaim, gan dochar do na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 48 ná do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 54.At this stage, the CHED shall have been duly finalised sa IMSOC ag údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann. ,léitear: 1.Chun coinsíneachtaí de chatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a chur faoi nós imeachta custaim agus a láimhseáil faoi nós imeachta custaim, lena n-áirítear chun iad a theacht isteach nó a láimhseáil i dtrádstórais chustaim nó i gcriosanna saora, beidh ar an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht an CHED a thíolacadh do na húdaráis chustaim, gan dochar do na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 48 ná do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 54. Ag an gcéim seo, beidh an CHED tugtha chun críche go cuí in IMSOC ag údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann..