Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 168 an 30 Meitheamh 2017)

Identifier:
32017R1129R(02)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 168 an 30 Meitheamh 2017 )

1. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí den fhocal riosca in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal priacal sa Rialachán seo tríd síos.

2. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail toisc riosca in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail fachtóir priacail sa Rialachán seo tríd síos.

3. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail tuairisc ghairid in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail tuairisc ghearr sa Rialachán seo tríd síos.

4. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail toisc nua tábhachtach in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail fachtóir nua tábhachtach sa Rialachán seo tríd síos.

5. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail toisc nua tábhachtach in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail fachtóir nua suntasach sa Rialachán seo tríd síos.

6. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail tosca a dhéanann difear dá gnó in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail fachtóirí a dhéanann difear dá gnó sa Rialachán seo tríd síos.

7. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail míniú an lucht bainistíochta ar thosca in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail míniú an lucht bainistíochta ar fhachtóirí sa Rialachán seo tríd síos.

8. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí den fhocal staidreamh in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal staitisticí sa Rialachán seo tríd síos.

9. Ar leathanach 30, Airteagal 2, pointe (g):in ionad: ciallaíonn institiúid chreidmheasa gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;, léitear: ciallaíonn institiúid creidmheasa gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;.

10. Ar leathanach 31, Airteagal 2, pointe (u):in ionad: ciallaíonn saoráid trádála iltaobhach nó STI saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;, léitear: ciallaíonn saoráid trádála iltaobhach nó MTF saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;.

11. Ar leathanach 31, Airteagal 2, pointe (v):in ionad: ciallaíonn saoráid trádála eagraithe nó STE saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (23) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;, léitear: ciallaíonn saoráid trádála eagraithe nó OTF saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (23) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;.

12. Ar leathanach 33, Airteagal 6(2):in ionad: 2.Scríobhfar an fhaisnéis i réamheolaire agus cuirfear í i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe, agus na fachtóirí a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 á gcur san áireamh. ,léitear: 2.Scríobhfar an fhaisnéis i réamheolaire agus cuirfear i láthair í i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe, agus na tosca a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 á gcur san áireamh..

13. Ar leathanach 35, Airteagal 7(7), mír (d):in ionad: (d) faoi fho-roinn dar teideal Cé na príomhphriacail a bhaineann go sonrach leis na hurrúis? tuairisc ghairid ar na fachtóirí priacail is ábhartha do na hurrúis go sonrach, atá sa réamheolaire, nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.,léitear: (d) faoi fho-roinn dar teideal Cé na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis? tuairisc ghairid ar na tosca riosca is ábhartha do na hurrúis go sonrach, atá sa réamheolaire, nach mó ná líon iomlán na dtosca riosca a leagtar amach i mír 10..

14. Ar leathanach 45, Airteagal 16(3):in ionad: 3.I gcás ina mbeidh ráthaíocht ag dul leis na hurrúis, beidh na fachtóirí sonracha agus ábhartha priacail sa réamheolaire a bhaineann leis an ráthóir a mhéid atá siad ábhartha do chumas an ráthóra a chuid gealltanas a chomhlíonadh faoin ráthaíocht. ,léitear: 3.I gcás ina mbeidh ráthaíocht ag dul leis na hurrúis, beidh na tosca sonracha agus ábhartha riosca sa réamheolaire a bhaineann leis an ráthóir a mhéid atá siad ábhartha do chumas an ráthóra a chuid gealltanas a chomhlíonadh faoin ráthaíocht..

15. Ar leathanach 50, Airteagal 22(1):in ionad: 1.Gach fógraíocht a bhaineann le hurrúis .... ,léitear: 1.Gach fógrán a bhaineann le hurrúis .....

16. Ar leathanach 51, Airteagal 22(9):in ionad: 9.Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na forálacha i ndáil le fógraí a leagtar síos i mír 2 go mír 4 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear na forálacha a shonrú i ndáil le scaipeadh fógrán agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit ina bhfuil na fógráin á scaipeadh. ,léitear: 9.Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na forálacha i ndáil le fógráin a leagtar síos i mír 2 go mír 4 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear na forálacha a shonrú i ndáil le scaipeadh fógrán agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit ina bhfuil na fógráin á scaipeadh..

17. Ar leathanach 75, Iarscríbhinn IV, Cuid II:in ionad: Is é is críoch don chuid seo eolas a chur ar fáil maidir le straitéis agus cuspóirí na cuideachta a bhaineann le forbairt agus feidhmiú amach anseo agus faisnéis a thabhairt faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, faoi na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, faoina hinfheistíochtaí agus faoi na fachtóirí lena ndéantar difear don ghnó. Ina theannta sin, ní mór na fachtóirí priacail a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta agus faisnéis ábhartha treochtaí a áireamh., léitear: Is é is críoch don chuid seo eolas a chur ar fáil maidir le straitéis agus cuspóirí na cuideachta a bhaineann le forbairt agus feidhmiú amach anseo agus faisnéis a thabhairt faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, faoi na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, faoina hinfheistíochtaí agus faoi na tosca a dhéanann difear dá gnó. Ina theannta sin, ní mór na tosca riosca a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta agus faisnéis ábhartha treochtaí a áireamh..

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 168 an 30 Meitheamh 2017) — LexHub