Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 328 an 21 Nollaig 2018)

Identifier:
32018L2001R(09)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 328 an 21 Nollaig 2018 )

1. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail féintomhaltóir fuinnimh inathnuaite sa Treoir seo tríd síos.

2. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag gníomhú go comhpháirteach in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite ag gníomhú go comhpháirteach sa Treoir seo tríd síos.

3. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail comhaontú ceannacháin cumhachta in-athnuaite in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail comhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán sa Treoir seo tríd síos.

4. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail féintomhaltas fuinnimh inathnuaite sa Treoir seo tríd síos.

5. Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí den fhocal in-athnuaite in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal inathnuaite sa Treoir seo tríd síos.

6. Ar leathanach 118, Airteagal 19(2), an ceathrú fomhír:in ionad: Toimhdeofar gur mar sin a bheidh i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:, léitear: Toimhdeofar go ndearnadh luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh mar is cuí i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:.

7. Ar leathanach 121, Airteagal 21(6), an chéad fhomhír, pointe (c):in ionad: aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála eile gan údar a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le féintomhaltas inathnuaiteáin, tionóntaí san áireamh; léitear: aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála eile gan údar a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, tionóntaí san áireamh;