Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 198 Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Iúil 2019)

Identifier:
32019R1238R(01)
Status:
effective
Text language:
ga

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 198 Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Iúil 2019 )

Ar leathanach 5, in aithris 29, an chéad abairt:in ionad: Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna in ann TPPUnna a mhonaraigh siad agus TPPU nár mhonaraigh siad a dháileadh ar choinníoll go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha., léitear: Ba cheart go mbeadh soláthraithe TPPUnna in ann TPPUnna a mhonaraigh siad agus TPPU nár mhonaraigh siad a dháileadh ar choinníoll go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha..

Ar leathanach 6, in aithris 35, an chéad abairt:in ionad: Chun gur féidir le soláthraithe TPPUnna aistriú go rianúil, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid TPPUnna ina gcuimsítear fochuntais a sholáthar do dhá Bhallstát laistigh de 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo., léitear: Chun gur féidir le soláthraithe TPPUnna trasdul rianúil a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid TPPUnna ina gcuimsítear fochuntais a sholáthar do dhá Bhallstát laistigh de 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo..

Ar leathanach 6, in aithris 35, an dara habairt:in ionad: Tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar faoi na fochuntais atá ar fáil láithreach, chun go seachnófaí an fhéidearthacht coigilteoirí TPPU ar chur ar míthreoir., léitear: Tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar faoi na fochuntais atá ar fáil láithreach, chun go seachnófaí an fhéidearthacht coigilteoirí TPPU a chur ar míthreoir..

Ar leathanach 7, in aithris 37, an chéad abairt:in ionad: Sula ndéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart gach faisnéis atá riachtanach chun cinneadh eolasach a dhéanamh a thabhairt do choigilteoirí TPPU ionchasacha., léitear: Sula ndéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart gach faisnéis atá riachtanach chun rogha eolasach a dhéanamh a thabhairt do choigilteoirí TPPU ionchasacha..

Ar leathanach 8, in aithris 41, an dara habairt:in ionad: Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála a ghlacadh., léitear: Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin teicniúla rialála a ghlacadh..

Ar leathanach 8, in aithris 41, an abairt dheireanach:in ionad: Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún […] i dtaca le formáid na tuairisciú maoirseachta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010., léitear: Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún […] i dtaca le formáid an tuairiscithe maoirseachta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010..

Ar leathanach 9, in aithris 51, an chéad abairt:in ionad: Ceann de na cuspóirí a bhaineann le TPPUnna a rialú is ea táirge coigiltis scoir sábháilte, cost-éifeachtach agus fadtéarmach a chruthú., léitear: Ceann de na cuspóirí a bhaineann le TPPUnna a rialáil is ea táirge coigiltis scoir sábháilte, cost‐éifeachtach agus fadtéarmach a chruthú..

Ar leathanach 10, in aithris 53, an dara habairt:in ionad: I ndiaidh na rogha tosaí a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, […]., léitear: I ndiaidh na rogha tosaigh a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, […]..

Ar leathanach 11, in aithris 57, an chéad abairt:in ionad: I gcás inar IORP nó Bainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha AE (AE AIFM) é an soláthraí TPPUnna, […]., léitear: I gcás inar IORP nó Bainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha AE (AIFM AE) é an soláthraí TPPUnna, […]..

Ar leathanach 16, i bpointe 2 d’Airteagal 2:in ionad: ciallaíonn Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach nó TPPU táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais rialáilte atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), […];, léitear: ciallaíonn Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach nó TPPU táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), […];.

Ar leathanach 16, i bpointe 8 d’Airteagal 2:in ionad: ciallaíonn dáileadh TPPU2 comhairle a thabhairt […];, léitear: ciallaíonn dáileadh TPPU comhairle a thabhairt […];.

Ar leathanach 17, i bpointe 21 d’Airteagal 2:in ionad: ciallaíonn Ballstát óstach an dáileora TPPUnna Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an dáileoir TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an dáileoir TPPUnna;, léitear: ciallaíonn Ballstát óstach an soláthraí TPPUnna Ballstát, seachas Ballstát baile an soláthraí TPPUnna, ina ndéanann an soláthraí TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an soláthraí TPPUnna;.

Ar leathanach 19, i bpointe pointe 2(a) d’Airteagal 4:in ionad: tuairisc ar an TPPU Bunúsach, […] atá dírithe ar gcosaint chaipitil a áirithiú;, léitear: tuairisc ar an TPPU Bunúsach, […] atá dírithe ar chosaint chaipitil a áirithiú;.

Ar leathanach 19, i bpointe 2(g) d’Airteagal 4:in ionad: na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagial 52 go 55;, léitear: na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 52 go 55;.

Ar leathanach 23, i bpointe 3 d’Airteagal 8:in ionad: Laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla., léitear: Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir leis an gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla..

Ar leathanach 23, i bpointe 4 d’Airteagal 8:in ionad: Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n‐áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir., léitear: Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n‐áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir..

Ar leathanach 23, in Airteagal 9, an teideal:in ionad: Ainmniú, léitear: Ainmníocht.

Ar leathanach 25, i bpointe 2 d’Airteagal 14:in ionad: Déanfaidh soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) na rialacha a leagtar amach in Airteagal 15 chomhlíonadh., léitear: Déanfaidh soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) na rialacha a leagtar amach in Airteagal 15 a chomhlíonadh..

Ar leathanach 27, sa dara mír de phointe 2 d’Airteagal 19, an abairt dheireanach:in ionad: D’ainneoin an chomhaontú sin, is é an soláthraí TPPUnna, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo., léitear: D’ainneoin an chomhaontaithe sin, is é an soláthraí TPPUnna, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo..

Ar leathanach 30, in Airteagal 24, an teideal:in ionad: Dáileadh leictreonach agus meáin inbhuanaithe eile, léitear: Dáileadh leictreonach agus meáin mharthanacha eile.

Ar leathanach 47, i bpointe 1 d’Airteagal 48:in ionad: Déanfaidh na soláthraithe TPPUnna […] gnó soláthartha agus cúraimí maoirseachta TPPUnna., léitear: Déanfaidh na soláthraithe TPPUnna […] gnó soláthartha agus dualgais formhaoirseachta TPPUnna..

Ar leathanach 47, i bpointe 2 d’Airteagal 48:in ionad: Chun an taisclann a cheapadh, […] agus le haghaidh cúraimí maoirseachta na taisclainne, [...]., léitear: Chun an taisclann a cheapadh, […] agus le haghaidh dualgais formhaoirseachta na taisclainne, […]..

Ar leathanach 58, i bpointe 2(b) d’Airteagal 67:in ionad: i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an t‐ainmniú Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh […];, léitear: i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an ainmníocht Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach […];.

Ar leathanach 58, i bpointe 2(d) d’Airteagal 67:in ionad: i gcás nach mbeidh a cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann., léitear: i gcás nach mbeidh a dualgais formhaoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann..

Ar leathanach 60, i bpointe 2(f) d’Airteagal 68:in ionad: leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh leis na húdaráis inniúla, […];, léitear: leibhéal comhair an duine nádúrtha fhreagraigh nó an duine dhlítheanaigh fhreagraigh leis na húdaráis inniúla, […];.

Ar leathanach 61, in Airteagal 71, an chéad abairt:in ionad: A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, dáileoirí TPPUnna agus údaráis inniúla a gcúraimí chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE., léitear: A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, dáileoirí TPPUnna agus údaráis inniúla a gcúraimí a chur i gcrích chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE..

Ar leathanach 62, i bpointe 2(b) d’Airteagal 73:in ionad: inaistritheacht, go háirithe maidir leis na fochuntais […];, léitear: iniomparthacht, go háirithe maidir leis na fochuntais […];.

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 198 Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Iúil 2019) — LexHub