Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 317 an 9 Nollaig 2019) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Nollaig 2019)
- Identifier:
- 32019R2088R(03)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 317 an 9 Nollaig 2019 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Nollaig 2019 )
Ar leathanach 8, Airteagal 2, pointe (17):in ionad: (17) ciallaíonn infheistíocht inbhuanaithe infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar mór d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;,léitear: (17) ciallaíonn infheistíocht inbhuanaithe infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;.