Ceartúchán ar Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 433 I an 22 Nollaig 2020)
- Identifier:
- 32020Q1222(01)R(02)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 433 I an 22 Nollaig 2020 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 22 Nollaig 2020 )
2. Ar leathanach 29, Cuid 1, Pointe B, an teideal:in ionad: B. FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS NA HIONSTRAIMÍ SPEISIALTA TÉAMACHA AGUS NEAMHTHÉAMACHA,léitear: B. FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS NA hIONSTRAIMÍ SPEISIALTA TÉAMACHA AGUS NEAMHTHÉAMACHA.
1. Ar leathanach 28, fonóta 1:in ionad: (1) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an de chuid Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (Féach leathanach 23 den Iris Oifigúil seo).,léitear: (1) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (Féach leathanach 23 den Iris Oifigiúil seo)..
2. Ar leathanach 29, Cuid 1, Pointe A(8):in ionad: 8. Gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí le haghaidh leithreasuithe íocaíochta tar éis 2027 cothrom le dáta. Cuirfear san áireamh sa nuashonrú sin an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear cur chun feidhme iarbhír leithreasaí buiséadacha faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí buiséadacha faoi chomhair íocaíochta, chomh maith leis na réamhaisnéisí cur chun feidhme. Breithneoidh sé freisin na rialacha atá ceaptha chun a áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar leithreasaí faoi chomhair íocaíochta ar bhealach ordúil i gcomparáid leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leis na réamhaisnéisí fáis ar ollioncam náisiúnta an Aontais (ONA).,léitear: 8. Gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí le haghaidh leithreasuithe íocaíochta don tréimhse suas go 2027 ar a laghad cothrom le dáta. Cuirfear san áireamh sa nuashonrú sin an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear cur chun feidhme iarbhír leithreasaí buiséadacha faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí buiséadacha faoi chomhair íocaíochta, chomh maith leis na réamhaisnéisí cur chun feidhme. Breithneoidh sé freisin na rialacha atá ceaptha chun a áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar leithreasaí faoi chomhair íocaíochta ar bhealach ordúil i gcomparáid leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leis na réamhaisnéisí fáis ar ollioncam náisiúnta an Aontais (OIN)..