Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le soiléiriú na gceanglas maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, nuashonruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte agus deimhniú leighis, agus feabhsuithe maidir leis an eitlíocht ghinearálta (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Sraith L, 2024/2076, 25 Iúil 2024)
- Identifier:
- 32024R2076R(05)
- Status:
- effective
- Text language:
- ga
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le soiléiriú na gceanglas maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, nuashonruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte agus deimhniú leighis, agus feabhsuithe maidir leis an eitlíocht ghinearálta (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Sraith L, 2024/2076, 25 Iúil 2024 )
1. Ar leathanach 7, in Iarscríbhinn I, pointe (11), lena n-ionadaítear pointí (a) agus (b) de phointe FCL.135.A in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, pointe (b), sa chuid réamhráiteach, an tríú habairt,in ionad: Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:, léitear: Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:.
2. Ar leathanach 7, in Iarscríbhinn I, pointe (12), pointe (b), lena gcuirtear pointí (c) agus (d) le point FCL.140.A in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, pointe (d),in ionad: (d) Déanfar na heitiltí oiliúna, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear san abairt tosaigh de phointe (a)(1), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus i bpointe (c)(3) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) agus i bpointe (c)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir iad, de réir mar is infheidhme.,léitear: (d) Déanfar na heitiltí faoi stiúir dhúbailte, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear san abairt tosaigh de phointe (a)(1), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus i bpointe (c)(3) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) agus i bpointe (c)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir iad, de réir mar is infheidhme..
3. Ar leathanach 9, in Iarscríbhinn I, i bpointe (15), lena n-ionadaítear pointe FCL.140.H in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, point (c),in ionad: (c) Déanfar na heitiltí oiliúna, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(i), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir é, de réir mar is infheidhme.,léitear: (c) Déanfar na heitiltí faoi stiúir dhúbailte, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(i), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir é, de réir mar is infheidhme..
4. Ar leathanach 9, in Iarscríbhinn I, i bpointe (17), lena n-ionadaítear pointí (a) agus (b) de phointe FCL.210.A in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, pointe (b)(1)(ii),in ionad: (ii) laghdaítear an ceanglas i bpointe (a)(1) go 21 uair an chloig d’oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta;,léitear: (ii) laghdaítear an ceanglas i bpointe (a)(1) go 21 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte;.
5. Ar leathanach 9, in Iarscríbhinn I, i bpointe (17), lena n-ionadaítear pointí (a) agus (b) de phointe FCL.210.A in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, pointe (b)(2)(i),in ionad: (i) 5 uair an chloig d’oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta;,léitear: (i) 5 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte;.
6. Ar leathanach 11, in Iarscríbhinn I, i bpointe (24)(a), lena n-iondaítear pointe (a) de phointe FCL.710 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, sa chuid réamhráiteach, an tríú habairt,in ionad: Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) den Rialachán seo a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:, léitear: Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) den Rialachán seo a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:.